Oireachtas Joint and Select Committees
Thursday, 4 May 2017
Joint Oireachtas Committee on the Implementation of the Good Friday Agreement
Acht na Gaeilge: Engagement with Conradh na Gaeilge
2:10 pm
Mr. Ciarán Mac Giolla Bhéin:
Gabhaim buíochas leo siúd a chur na ceisteanna. Leag siad a méara ar roinnt pointí tábhachtachta nach raibh an deis againn a chlúdach go dtí seo. Ba mhaith liom pointe ghasta a dhéanamh mar fhreagra ar cheist an Teachta Breathnach ar an méid gur féidir leis an gcoiste a dhéanamh. Ba mhaith linn, i dtéarmaí simplí, go n-úsáidfeadh an choiste aon chumhacht atá aige chun an cheist seo a bhrú chun tosaigh. Is cinnte go gcuideoidh an méid atá ar bun againn inniu. Más féidir le baill an choiste bheith mar abhcóidí ar son Acht na Gaeilge ó Thuaidh in aon teagmháil atá acu leis na meáin nó le polaiteoirí eile, beidh sé sin ina chrann taca ollmhór againne. Measann muid go bhfuil fuinneog ghearr againn anseo. Táimid in áit níos láidre ná má a bhí riamh roimhe seo. Beidh na comhchainteanna a thosaigh i ndiaidh an toghchán ó Thuaidh ag teacht ar ais in am trátha. Don chéad uair riamh, tá móramh i measc na baill nua-thofa i dTionól Thuaisceart Éireann ag teacht leis an Acht. Dá mbeadh guth láidir aontaithe ag teacht ar bhonn traspháirtí ó na páirtithe polaitiúla ó Dheas, creidim go gcruthódh sé sin móiminteam ó thaobh na ceiste seo nár féidir a stopadh. Bheadh sé ina cuidiú mór dá mbeadh baill an choiste seo, ar dhóigh ar bith, in ann an brú ar an ábhar seo a choinneáil ar an Taoiseach, ar an Aire, an Teachta Flanagan, nó fiú ar na polaiteoirí eile Thuaidh agus Theas.
Tá mé ar aon ghuth leis an Teachta O'Sullivan i dtaobh na moltaí atá leagtha amach aici. Bheadh coimisinéir de dhíth chun a lán de na moltaí sin a chur i bhfeidhm. Is dóigh linn gur cheart an coimisinéir a chur ar bun mar cheann de na chéad rudaí atá le déanamh. Tá dualgas sainiúil ag an gCoimisinéir Teanga chun míreanna áirithe, mar shampla, maidir le comhlachtaí poiblí agus maidir le logainmneacha, a reáchtáil amach.
Labhair an Teachta O'Sullivan faoin nGaeloideachas freisin. Chuir an Cathaoirleach ceist maidir leis an ábhar seo. Is í seo an earnáil is mó fáis ó Thuaidh. Nuair atá scoileanna eile ag dúnadh, agus líon na bpáistí atá ag freastal ar scoileanna i gcoitinne ag titim, tá ráta rannpháirtíochta an Ghaeloideachais ag dul in airde. Sílim go bhfuil timpeall 40 naíscoil, 35 bunscoil agus dhá mheánscoil saor-scartha againn faoi láthair. Tá aonad nó sruth i gcúig nó sé meánscoil ó Thuaidh freisin. Tá breis is 6,000 páiste ag fáil a gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge ó Thuaidh. Bunaithe ar chomparáid a rinneamar i mbliana idir na figiúirí iontrála i rang a haon agus na figiúirí fágála i rang a seacht, táimid ag tuar go dtiocfaidh méadú de 50% ar an earnáil seo laistigh de seacht mbliana. Tá an earnáil seo ag fás, ach tagann deacrachtaí leis sin. Tá roinnt de na Gaelscoileanna ó Thuaidh ag feidhmiú i mbotháin agus in aonaid eile nach bhfuil ar bhealach ar bith sásúil faoi láthair. Tá deacrachtaí móra againn maidir le sainriachtanais. Níl deis ag páistí a bhfuil sainriachtanais oideachais acu tacaíocht a fháil trí mheán na Gaeilge. Tá deacrachtaí móra againn maidir le taistil chuig Gaelscoileanna. Is é sin an fáth gur mheas muidne go raibh sé tábhachtach míreanna láidre a chur isteach. Tá an-éileamh ar an nGaelscolaíocht ó Thuaidh. Ar bhonn pearsanta, tá mé mar chathaoirleach ar scoil. Táimid sa bhád céanna. Ní féidir linn freastal ar an éileamh atá ann do spásanna. Tá i bhfad barraíocht daoine ag lorg spásanna sa Ghaelscoil agus ní féidir linn freastal a dhéanamh orthu.
D'iarr an Seanadóir Ó Donnghaile cén fáth a bhfuil an tAcht ag cruthú deacrachtaí. Sílim gurb é an easpa cearta an rud a chruthaíonn deacrachtaí nó scoilteanna maidir leis an nGaeilge ó Thuaidh. Tá an pobal seo ag fás agus ag méadú agus tá a gcuid cearta á n-éileamh acu agus iad ag teacht i dteagmháil leis an stát i réimsí éagsúla go laethúil. Faoi láthair, níl an stát ábalta plé leo. Braitheann sé ar an Aire agus ar an feidhmeannach nó státseirbhíseach a fhreagraíonn an guthán. Go minic, ní fhaigheann tú seirbhís réasúnta nó fiú seirbhís ar chor ar bith. Ar an dóigh céanna, is minic nach bhfaigheann tú scéim tacaíochta a fhreastalaíonn ar na mianta atá agat, nó fiú scéim tacaíochta ar chor ar bith. Is é sin mar atá sé faoi láthair. Cruthaíonn sé sin teannas, aighneas agus coimhlint idir an pobal agus an stát. Is é an bealach is fusa é sin a réiteach ná trí reachtaíocht a chur i bhfeidhm agus an fráma nó an chreatlach reachtúil céanna a leagan amach do gach uile roinn, comhalta nó Aire ó Thuaidh, bíodh siad ó pháirtí amháin nó ó pháirtí eile. Ba cheart go mbeadh na dualgais reachtúil dlíthiúil ceannann céanna orthu ar fad. Is léir ón eispéireas atá againn ar bhonn idirnáisiúnta gurb é sin an múnla is éifeachtaí le dul i ngleic le haon teannas nó scoilt a bhaineann le cur chun cinn cearta mionteangacha de.
No comments