Oireachtas Joint and Select Committees
Thursday, 4 May 2017
Joint Oireachtas Committee on the Implementation of the Good Friday Agreement
Acht na Gaeilge: Engagement with Conradh na Gaeilge
2:10 pm
Dr. Pádraig Ó Tiarnaigh:
Ba mhaith liom pointe breise a dhéanamh maidir leis an méid a bhí le rá ag an Seanadóir Ó Donnghaile ar an bhfreasúracht. Dúirt sé gur cheist tola atá ann, ar bhealach. Ní mór dúinn i gcónaí amharc ar na grúpaí atá ag tacú leis an Acht agus ar an mbealach ar fad atá taobh thiar dúinn. Tá an-tacaíocht faighte ag an Acht, go háirithe le blianta beaga anuas. Mar a luaigh an tUasal de Spáinn, faoi láthair tá 50 as 90 MLA nua-thofa ag tacú le hAcht Gaeilge ó Thuaidh. Dar liom, is é seo an chéad uair go raibh móramh sa Tionól nó san bhFeidhmeannas ó Thuaidh ag tacú lena leithéid. Ar bhonn idirnáisiúnta, tá na Náisiúin Aontaithe agus Comhairle na hEorpa i ndiaidh tacaíocht a thabhairt do sholáthar reachtaíocht ceartbhunaithe cosanta teanga ó Thuaidh fosta. Ar ndóigh, ritheadh rún ag an gComhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán an mhí seo caite le tacaíocht a thabhairt don Acht Teanga. Is dóigh liom go bhfuil an freasúracht ag laghdú de réir a chéile. Thagair an Teachta do roinnt cruinnithe a tharla ar na mallaibh. Dar ndóigh, tá sé ráite acu siúd a bhí bainteach leis an bhfreasúracht a bhí ann roimhe seo go bhfuil siad ag smaoineamh ar sholáthar reachtúil don Ghaeilge. Sílim gur dul chun cinn suntasach é sin, ach tá go leor oibre fós le déanamh. Is fiú a lua gur gealladh straitéis Gaeilge fosta. Bhí a leithéid de straitéis aontaithe i gclár an Rialtais agus - ar nós an Acht Gaeilge - i gComhaontú Chill Rímhinn, ach bhí freasúracht sa Tionól. Tar éis do Chonradh na Gaeilge athbhreithniú breithiúnach a ghlacadh san Ard-Chúirt an bhliain seo caite, tháinig rialú dearfach amach ón Ard-Chúirt i mí an Mhárta na bliana seo a dúirt gur chóir go gcuirfí straitéis 20 bliain don Ghaeilge ó Thuaidh i bhfeidhm. Léiríonn sé sin nár chóir go mbeadh reachtaíocht nó straitéis ag brath ar thoil, ach gur chóir go mbeidís ann faoi mar a ghealladh iad.
No comments