Oireachtas Joint and Select Committees
Thursday, 4 May 2017
Joint Oireachtas Committee on the Implementation of the Good Friday Agreement
Acht na Gaeilge: Engagement with Conradh na Gaeilge
2:10 pm
Mr. Julian de Spáinn:
Freagróidh mé ceist nó dhó agus b'fhéidir go dtiocfaidh an dá fhinné eile isteach freisin.
B'fhéidir go dtosóidh mé leis an Teachta Breathnach. Sílim go raibh an ceart aige in go leor den mhéid a bhí le rá aige. D'iarr sé an bhfuil aon rud breise gur féidir leis an gcomhchoiste a dhéanamh. Tiocfaidh an méid a bhí á rá aige faoi na figiúirí daonáirimh chun cinn sa mhéid atá le rá agam mar fhreagra. Táimid ag labhairt leis an gcoiste inniu faoi reachtaíocht atá fíorthábhachtach mar chrann taca don phobal agus muid ag iarraidh daoine a spreagadh an Ghaeilge a úsáid. Ba cheart go mbeadh an tacaíocht sin ar fáil ón Stát nuair atá seirbhísí á sholáthar don phobal.
Ag dul leis an tacaíocht atá riachtanach don phobal, ba cheart freisin go mbeadh tacaíocht ar fáil do ghrúpaí ar nós Foras na Gaeilge le cinntiú gur féidir leo fás agus forbairt. Le tamall de bhlianta, tá laghdú dochreidte tagtha ar bhuiséad an fhorais. Tá 80 eagraíocht Gaeilge agus Gaeltachta ó Thuaidh agus ó Theas tar éis teacht le chéile chun €18 milliún a lorg le haghaidh plean infheistíochta a chruthódh breis agus 1,000 post agus i bhfad níos mó deiseanna an Ghaeilge a úsáid. B'fhéidir go ndéanfaidh an coiste seo scrúdú ar an gceist sin lá éigin. Tá sé dochreidte go bhfuil foras trasTeorann a thagann ó Chomhaontú Aoine an Chéasta chomh srianta is atá sé mar gheall go bhfuil sé faoi dhá Rialtas. Mar shampla, nuair atá laghdú le déanamh sa bhuiséad ó Dheas, déantar laghdú ó Thuaidh freisin. Is cuma má tá airgead ag an Rialtas ó Thuaidh le cur isteach i bhForas na Gaeilge - déantar laghdú sa bhuiséad trasna an bhoird. Tá rud éigin mícheart nó briste sa chóras a chuireann Comhaontú Aoine an Chéasta i bhfeidhm i gcomhthéacs Foras na Gaeilge. Bheadh sé iontach dá mbeadh an coiste seo in ann breathnú ar an bhfadhb sin. Táimid ag lorg cabhair inniu ó thaobh na reachtaíochta de, ach b'fhéidir go mbreathnóidh an coiste ar cheist Fhoras na Gaeilge an chéad lá eile.
Labhair an Teachta O'Sullivan faoi chúrsaí gaelscolaíochta. Is dócha go mbeidh an tUasal Mac Giolla Bhéin agus an tUasal Ó Tiarnaigh in ann dul isteach go mion i líon na nGaelscoileanna ó Thuaidh. Is cinnte go bhfuil spéis ag an bpobal sa Ghaeilge. Dá bhrí sin, caithfimid deiseanna a chur ar fáil dóibh. Is cinnte nach bhfuil an dá Rialtas - ó Thuaidh agus ó Theas - ag freastal ar an éileamh atá ann don Ghaelscolaíocht. D'fhoghlaimíomar ón Roinn Oideachais agus Scileanna inniu nach bhfuil ach Gaelscoil amháin i measc na gceithre scoil nua a tógfar sna blianta atá os ár gcomhair. Is léir go raibh an-éileamh ar an moladh a bhí ann gaelscoileanna a bhunú i mBaile Átha Cliath 2, 4 agus 6 agus i nDún Laoghaire. Is amhlaidh atá an scéal ó Thuaidh. Tá an-éileamh ar ghaelscolaíocht, ach níl an dá stát ag freastal air.
No comments