Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 21 February 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Gaeilge sa Státseirbhís

5:30 pm

Mr. Éamonn Ó Dónaill:

Is fíor don Theachta nach bhfuil an Rialtas báúil leis an teanga. Sin fadhb an-mhór. Sílim go bhfuil rudaí i ndiaidh dul in olcas le roinnt blianta anuas agus sílim go bhfuil imeallú de réir a chéile agus go ciúin agus go cliste á dhéanamh ar an teanga. Tá sé deacair dul i ngleic leis. Tá sé ag brath ar pholaiteoirí eile a bheith báúil leis an teanga. Tá sé tábhachtach go gcuireann an pobal brú chomh maith.

Rud eile a luaigh an Teachta ná seirbhísí. Rud a chloisim arís agus arís eile ná nach bhfuil aon éileamh ar sheirbhís trí Ghaeilge. Tá an mhíthuiscint seo ann go forleathan agus tá sé an-dainséarach go gcreideann go leor daoine atá fostaithe ag an Stát seo nach bhfuil aon éileamh ann. An fáth nach bhfuil an t-éileamh ann, mar a luaigh mé féin níos luaithe, níl mo leithéidí-se - cainteoirí Gaeilge - ag iarraidh daoine atá ar bheagán Gaeilge a chur faoi bhrú. Sin an fáth nach éilim go minic é. Bím ag labhairt le duine agus cloisim an duine trína chéile agus cloisim an panic ar an taobh eile den líne. Nílim ag iarraidh cur isteach ar an duine. Sin an bun-fhadhb atá ann. Maidir leis an Rialtas, sin ceist an-leathan i ndáiríre. Níl a fhios agam cén réiteach atá ar an fhadhb áirithe sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.