Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 21 February 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Gaeilge sa Státseirbhís

5:30 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá sé suimiúil mar luaigh an tUasal Ó Dónaill ina chur i láthair go raibh ceist Dála ann, a phléadh ar tuairisc.ie, faoin méid post. Chuir mise isteach an ceist pharlaiminte sin mé féin chun an t-eolas sin a fháil. An uimhir a bhí ann ná 0.08% den iomlán atá in ann nó sásta feidhmiú as Gaeilge. Ceapaim gurb é seo ceann de na géarchéimeanna is measa sa tír seo. D'éirigh an t-iar-Choimisinéir Teanga as a phost trí bliana ó shin. Bhí sé dochreidte. Ní raibh ar aon Ombudsman eile sa tír seo éirigh as an bpost de bharr go raibh an córas ag titim as a chéile agus go raibh an Rialtas ag déanamh neamhaird ar an bhfadhb agus fós tá sé ráite ag an gCoiminéir Teanga reatha, an tUasal Rónán Ó Dómhnaill, go bhfuil teip iomlán déanta ag an Rialtas seo. Ceapaim go bhfuil an Rialtas ag dul amú b'fhéidir má cheapann sé go mbeidh muintir na tíre seasamh siar faoin rud seo. Níl gá ach breathnú ar an taobh eile den Teorann ag an bomaite chun a bhreathnaigh cé chomh lárnach is atá an Ghaeilge sa toghchán atá ann. Tá gluaiseacht ollmhór sa tír seo mar gheall ar an nGaeilge. Ceapaim go bhfuil siad ag iarraidh go mbeadh na fadhbanna seo réitithe agus go mbeadh Bille curtha os comhair na Dála, ach níl foighne fhadtéarmach acu maidir leis seo. Ceapaim go mbeidh daoine ag éirí suas faoin rud seo.

An raibh seans ag an bhfinné suí síos le hionadaithe ón Státchóras chun oibriú amach leo cad atá siadsan ag iarraidh a dhéanamh maidir leis an bhfadhb seo? An bhfuil siad ag tabhairt lip service don fhadhb agus ag rá go mbeidh gach rud ceart go leor agus go ndéanann siad a ndícheall nó an bhfuil aon cheann acu feicthe ag an bhfinné atá fís agus fuinneamh aige nó aici agus atá ag iarraidh an rud seo a fheabhsú?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.