Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 21 February 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Gaeilge sa Státseirbhís

5:30 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá brón orm go raibh mé déanach. Molaim an chuid is mó atá cloiste agam ón bhfinné. I gcónaí sa tír seo, nuair a bhíonn an Ghaeilge á phlé, go háirithe sna meáin, bíonn na meáin ag cruthú an saghas atmaisféir nach bhfuil éileamh ann agus go bhfuil an Stát ag brú an teanga siar scornach na ndaoine. Leis an fhírinne a rá, an malairt iomlán atá i gceist. Tá daoine ag iarraidh seirbhísí ar nós Gaelscolaíocht. Tá 25% de thuismitheoirí sa tír seo ag iarraidh Gaelscoil dá gcuid páistí ach níl ach 4.5% de na páistí ag fáil Gaelscolaíocht. Maidir le seirbhísí na Stáit, tá daoine i gcónaí ag dul i dteagmháil leis an Stát agus ag roghnú seirbhís as Ghaeilge ach, nuair a roghnaíonn siad na seirbhísí sin, is léir nach bhfuil aon rud taobh thiar den facade agus ní bhíonn duine ag deireadh an líne gutháin. De ghnáth deir siad go gcuirfeadh siad glaoch ar ais ar an duine ach ní bhíonn an t-am ag an duine. Má tá sé nó sí ag iarraidh píosa ghnó a dhéanamh, is ar an bpointe sin atá sé nó sí ag iarraidh é a dhéanamh. Má chuireann siad glaoch ar ais, is trí nó ceithre uair ina dhiaidh nó b'fhéidir an lá dar gcionn a dhéantar é. Múineann sé sin do dhaoine gan an córas Ghaeilge a roghnú mar ní bheidh na seirbhísí ar fáil.

Ag an am céanna, tá caighdeán na Gaeilge sa chóras oideachais ag titim as a chéile. Is féidir linn labhairt le haon mhúinteoir sa tír agus, de ghnáth, bheadh sé nó sí breá sásta a rá nach bhfuil an caighdeán ann anois a bhí ann roimhe. Agus mise ag déanamh taighde, fuair mé amach nach bhfuil deis ag ach duine amháin i ngach beirt scrúdú béil a dhéanamh. Má tá dalta ag iarraidh scrúdú béil a dhéanamh sa Ghaeilge, níl sé le fáil i gcónaí. An fhadhb is mó atá ann ná meon an Rialtais agus an Stáit ar an nGaeilge muna bhfuilimid in ann é a athrú go huile is go hiomlán. Tá deis ag an gcoiste seo mar táimid ag plé Bille a chur os comhair na Dála roimh deireadh na Dála seo. Fiú go raibh ball don Rialtas anseo cúpla nóiméad ó shin, níl anois. Ba cheart go mbeadh gach duine ag éisteacht leis sin.

Cad é smaointe an fhinné faoi mheon an Rialtais nó an toil pholaitiúil atá ann ag an bomaite chun an fhadhb seo a réiteach?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.