Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 21 February 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Gaeilge sa Státseirbhís

5:20 pm

Mr. Éamonn Ó Dónaill:

An rud a tharlaíonn go minic ná aithníonn an eagraíocht féin, an Roinn nó pé dream é go bhfuil bearna an-mhór ann. Má bhíonn duine i gceannas atá báúil, tarlaíonn go leor leor ó thaobh oiliúna de. An rud a dhéantar ná cuirtear amach scéala chuig b'fhéidir an fhoireann go léir nó dírítear ar an dream is mó a bhíonn teagmháil acu leis an phobal. Deirtear, "Táimid ag lorg leíriú spéise ó na daoine sa rannóg áirithe seo". Go hiondúil, bíonn an iomarca daoine ag iarraidh cúrsa a dhéanamh.

Tá daoine an-bháúil. Go minic ní bhíonn daoine sinsearacha chomh-báúil céanna ach tá na gnáthdhaoine an-bháúil. Uaireanta bíonn b'fhéidir HR nó an dream atá i gceannas ag iarraidh díriú ar fhadhb atá ann agus uaireanta eile bíonn cuireadh níos oscailte ann agus tagann daoine. In eagraíochtaí áirithe, bíonn coinníoll ann. Má dhéanann duine an cúrsa, bíonn ar an duine sin a bheith ar fáil le seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil. Tá sé sin mar riachtanas. In eagraíochtaí eile, níl an coinníoll sin ann agus uaireanta déanann daoine an cúrsa agus ansin b'fhéidir nach gcuireann siad seirbhís ar fáil riamh. Ní féidir linn brú a chur ar eagraíocht polasaí a ligean síos. Tá polasaí ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, mar shampla. Má dhéanann duine cúrsa, caithfidh an duine sin a bheith sásta seirbhís a chur ar fáil. San eolaí inmheánach teileafóin atá ann, tá réiltín in aice leis na, sílim, 50 duine atá sásta seirbhís a chur ar fáil trí Ghaeilge. Ní mór an méid é ach is tús maith é.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.