Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 18 October 2016

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Géarchéim na Gaeltachta: An Dochtúir Brian Ó Curnáin agus an tOllamh Conchúr Ó Giollagáin

5:00 pm

Professor Conchúr Ó Giollagáin:

Bhuel, tosóidh mé leis an gceann sin mar sin. Ba mhaith liom ceist an dóchais a thógáil i dtosach. Deirfinn gur mé agus Dr. Brian Ó Curnáin an bheirt is dóchasaí in Éirinn. Ar a laghad tá muide ag moladh bealaí le teacht amach as an tsáinn ina bhfuilimid. Cén áit óna bhfuil moltaí ag teacht sa saol poiblí? Cén áit eile sa saol acadúil nó sna forais Ghaeilge agus Ghaeltachta? An rud atá ag tarlú faoi láthair ná go bhfuil codladh oifigiúil ag teacht orainn i ngeall go bhfuil Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge againn. Ní fheileann an straitéis don Ghaeltacht agus mar sin nílimid ag tabhairt aghadha ar na riachtanais atá ag na pobail sa nGaeltacht. Má chaithimid súil ar na forálacha ar fad atá sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, tá formhór acu dírithe ar an nGalltacht.

Ón taighde a rinneadh ar an nGaeltacht, tháinig sraith moltaí as na tuarascálacha a luamar inniu. Níor cuireadh na moltaí sin i bhfeidhm. Níl na moltaí Gaeltachta sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge inchurtha ar aon bhealach de na moltaí uallmhianacha, fiúntacha, fóinteacha atá sna tuarascálacha sin. Is muide atá ag tabhairt léis dóchais don phobal trí na moltaí seo a chur ar fáil. Céard atá lucht an status quoag rá linn? Tá siad ag rá le fanacht mar atáimid. Ach, tá an méid atá ar siúl againn faoi láthair mí-éifeachtach. Níl ag éirí leis. Cé mhéad den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge atá curtha i bhfeidhm acu tar éis seacht mbliana anois ag an tráth seo? Fiú dá gcuirfeadh muid an cheist ar an Státchóras, an freagra a bheadh ann ná fíor-bheagán. Tá méid áirid déanta acu ó thaobh na bunscolaíochta Gaeltachta maith go leor sa Roinn Oideachais agus Scileanna agus tá ábhar dóchais ansin. Táid ag glacadh le cuid de na moltaí a bhí san Iniúchadh ar an gCumas Dátheangach. Ach taobh amuigh de sin, tá sé fíor-dheacair teacht ar aon sampla d'aon togra nua a rinne an Stát ag eascairt as an taighde seo ar fad a rinneadh ar ghéarchéim na Gaeltachta. Táimid sáinnithe sa gcaoi a rabhamar, sa chomhthéacs sóisialta ina dtáinig an ghéarchéim chun tosaigh. Creidim féin nach bhfuilimid ag gluaiseacht nó ag gníomhú in aghaidh na géarchéime sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.