Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 5 July 2016

Select Committee on Regional Development, Rural Affairs, Arts and the Gaeltacht

Estimates for Public Services 2016
Vote 33 - Arts, Heritage and the Gaeltacht (Revised)

5:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

An bhféadfainn deimhniú gur €3 in aghaidh €1 atá i gceist maidir leis an maoiniú d'Fhoras na Gaeilge a thagann ón Rialtas ó dheas i gcomparáid leis an méid a thagann ó Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann? A mhalairt atá i gceist leis an Ulster-Scots Agency. Tagann €13 mhilliún de mhíniú Fhoras na Gaeilge ón Rialtas anseo agus níl ach an tríú chuid de sin i gceist ag Rialtas an Tuaiscirt. Glacaim leis, ós rud á go bhfuil Gaeilge ag an Aire airgeadais, nach mbeadh mórán faidhbe aige teacht aníos le cúpla céad míle euro eile. Níl mise i bhfábhar go mbeadh aon athrú sa gcomhréir. Ceapaim féin go bhfuil sé suas do na tuaisceartaigh an t-airgead a chur ar fáil. Táim cinnte go dtarlóidh sé sin ós rud é go bhfuil duine le Gaeilge mar Aire airgeadais ó thuaidh. Beidh breis airgid ag Rialtas Shasana freisin tar éis an tAontas Eorpach a fhágáil, mar chuireann sé go leor airgid isteach ann agus faigheann sé beagán amach. Beidh sé in ann a bheith an-chroíúil leis an Tuaisceart.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.