Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 5 July 2016
Select Committee on Regional Development, Rural Affairs, Arts and the Gaeltacht
Estimates for Public Services 2016
Vote 33 - Arts, Heritage and the Gaeltacht (Revised)
5:00 pm
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source
Más féidir liom teacht isteach ar an gceist sin, is í an fhadhb atá ann ná go bhfuil na Tories sa Bhreatain ag gearradh bhuiséad an Tuaiscirt faoi láthair. Maidir le Brexit, tá an cuma ar an scéal go rachaidh an próiseas sin ar aghaidh mar go mbeidh an Rialtas i Londain níos déine ar an Tuaisceart sa todhchaí. An féidir an chomhréir a athrú? Beidh bac ar fhorbairt san earnáil seo má leanfaimid ar aghaidh leis an struchtúr atá ann. Ag tús an chruinnithe bhí mé ag caint faoin gcomhréir infheistíochta a fhaigheann an Ghaeilge. Maidir le hÚdarás na Gaeltachta tá titim uafásach tar éis teacht ar an mbuiséad sin. Nuair a fhéachann tú ar an mbuiséad North-South, Foras na Gaeilge ach go háirithe, tá sé sin ag titim freisin. Caithfear rud éigin a dhéanamh faoi.
No comments