Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 5 July 2016
Select Committee on Regional Development, Rural Affairs, Arts and the Gaeltacht
Estimates for Public Services 2016
Vote 33 - Arts, Heritage and the Gaeltacht (Revised)
5:00 pm
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source
Ceist maidir leis an Meastacháin do 2017 atá ag an Teachta ansin. Tá sé lárnach sa chlár Rialtais go gcuirfimid breis airgid ar fáil agus sin comhaontaithe le pháirtí an Teachta. Beidh mise ag obair chun an t-airgead sin a fháil. Beidh mé an-sásta tacaíocht an Teachta agus an chomhchoiste seo a fháil chun an t-airgead sin a fháil. Phléigh mé é seo le hÚdarás na Gaeltachta. Aontaíonn feidhmeannaigh na Roinne go dteastaíonn níos mó airgid do na comhlachtaí ar na hoileáin. Tá siadsan ag iarraidh breis airgid agus beidh mise á iarraidh sa Mheastacháin do 2017. Mar a dúirt mé, beidh an tAire, an Teachta Humphreys, i Furbogh an tseachtain seo chugainn chun na rudaí seo a phlé.
No comments