Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 5 July 2016

Select Committee on Regional Development, Rural Affairs, Arts and the Gaeltacht

Estimates for Public Services 2016
Vote 33 - Arts, Heritage and the Gaeltacht (Revised)

5:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Luafaidh mise dhá rud go han-scioptha. Tá go leor ceisteanna ann ach beidh deis againn ag an gcoiste eile dul faoi na rudaí seo i bhfad níos mine nuair a bheas sé ag feidhmiú. Is maith an rud go bhfuil coiste iomlán reachtaíochta bunaithe ag plé leis an nGaeilge, leis an nGaeltacht agus leis na hoileáin. Tá dhá cheist an-shonrach agam. Gheall an Rialtas ar iarratas ó Fhianna Fáil go mbeadh breis airgid curtha ar fáil don Ghaeilge. Tá sé i gclár an Rialtais. An bhfuil i gceist ag an Rialtas an gheallúint sin a chomhlíonadh?

Baineann an dara cheist leis an airgead a luaigh an Aire Stáit atá curtha ar fáil do na comharchumainn oileánda agus do na heagraíochtaí pobail oileánda. An bhfuil a fhios ag an Aire Stáit go bhfuilimid ag caint ar dheontas reachtála de thart ar €50,000 in aghaidh na bliana ar an mórthír do na heagraíochtaí pobalbunaithe? Ní chlúdódh sé sin barrchostais eagraíocht ar bith. Bhíodh €90,000 ar fáil tamall de bhlianta ó shin. An bhfuil sé i gceist airgead réalaíoch a chur ar fáil do na heagraíochtaí pobalbunaithe ar na hoileáin - glacaim leis go bhfuil costas breise ann ar na hoileáin - agus ar an mórthír a chinnteodh go bhféadfaidís feidhmiú go héifeachtach taobh istigh de na pobail agus an obair atá ceaptha a dhéanamh a dhéanamh?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.