Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 5 July 2016

Select Committee on Regional Development, Rural Affairs, Arts and the Gaeltacht

Estimates for Public Services 2016
Vote 33 - Arts, Heritage and the Gaeltacht (Revised)

5:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Táim cinnte go meabhróidh an tAire Stáit don Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe go gheall muide tacaíocht don bhuiséad an bhliain seo ach, ar ndóigh, beidh sé ag brath go hiomlán ar na geallúintí a thug an Rialtas dúinn a chomhlíonadh. Má bhíonn, agus rud beag coinníollach faoi sin, glacaim leis go seasfar leis an ngeallúint, go mbeidh an t-airgead ar fáil agus go meabhrófar don Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe nach ligfear leis ó thaobh Fhianna Fáil de mura gcomhlíonfar an gheallúint sin. Tá sé chomh simplí leis sin. Fuaireamar an gheallúint agus táimid ag iarraidh go mbeidh beart de réir briathar.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.