Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 6 March 2014

Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara

Éirí an Choimisinéara Teanga as a Phost: Díospóireacht leis an Aire Stáit

3:35 pm

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail) | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, is obair leanúnach atá ar siúl ag an bhfochoiste seo agus níl críoch curtha ar chor ar bith leis an díospóireacht. Níl sé ach ag tosú. Beimid ag teacht ar ais arís, mar is sin an dualgas atá orainn. B'fhéidir go mbeadh sé níos fearr leanúint ar aghaidh leis an díospóireacht seo an chéad lá eile. Thug mé faoi deara nach bhfuil gnáth bhaill an fhochoiste i láthair inniu agus is trua liom sin. Tá súil agam go mbeidh siad ar fad i láthair an chéad lá eile, mar tá dualgas orthu freisin an obair a dhéanamh. Tá díomá orm mar chathaoirleach inniu nach bhfuil siad i láthair.

Is mise an t-aon duine amháin ón bhfochoiste atá i láthair. Tá súil agam go mbeidh gach éinne i láthair an chéad lá eile. Ag an am céanna, tá cead ag Teachtaí agus Seanadóirí eile bheith i láthair. Gan aon amhras, bhí díospóireacht iontach againn inniu mar thús ar an bpróiseas seo. Tá súil agam go mbeimid in ann leanúint ar aghaidh an chéad lá eile. Déarfainn go mbeadh an tAire Stáit sásta glacadh leis an moladh atá déanta mionscrúdú a dhéanamh ar an straitéis. Déarfainn go mbeadh an tAire Stáit sásta bheith ag plé le sin.

Ba bhreá liom cúpla pointe atá beagáinín imeallach a chur os comhair an Aire Stáit. Chuala mé é go minic ag déanamh óráide sa Seanad. Táimid ag brath ar an Rialtas agus ar an bpobal chun obair a dhéanamh maidir leis an straitéis. Is iad na heagrais Ghaeilge is mó a thugann dóchas dúinn sa chomhthéacs sin. Tugann siad treoir dúinn ar an talamh. Tá ardmheas ag an bpobal orthu. Ní dóigh liom go mbeadh an-chuid den dul chun cinn atá déanta tarlaithe gan na heagrais. Tabharfaidh mé sampla amháin. Ní dóigh liom go mbeadh stádas oifigiúil oibre ag an nGaeilge san Eoraip gan iarrachtaí na heagrais Ghaeilge a bhí chun tosaigh san fheachtas sin. Déarfainn go raibh áthas ar an Aire Stáit, cosúil liomsa, nuair a tháinig 10,000 duine amach ar shráideanna Bhaile Átha Cliath mar chuid d'fheachtas atá curtha chun cinn ag na heagrais seo. Bhí go leor daoine óga, ar a bhfuilimid ag brath, ina measc. Nach iontach an rud é go raibh daoine óga chun tosaigh san obair sin?

B'fhéidir nach mbeidh an tAire Stáit in ann freagra díreach a thabhairt ar ceist atá agam, ach ba bhreá liom é a chur. B'fhéidir go ndéanfaidh sé machnamh air. Tá córas nua maoinithe ann do na heagrais. Tháinig sé cinn chun tosaigh, agus tréaslaím leo. Is cinnte go mbeadh an Ghaeilge i bhfad níos laige gan eagraíochtaí ar nós Conradh na Gaeilge. Tháinig ionadaithe ó na heagrais éagsúla go dtí an fochoiste seo chun caint linn. Bhí na daoine a tháinig isteach an-spreagúil. Tá an-áthas orainn go bhfuil eagrais ar nós Conradh na Gaeilge ann. Tá an-díomá orm nach bhfuil aon aird tugtha sa chóras nua ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, atá ag saothrú ar son na Gaeilge ar feadh 70 bliain. Tuigim go bhfuil an fhreagracht as an gcinneadh sin ag Foras na Gaeilge. Taobh istigh de mhí nó dhó, beidh díshealbhú á dhéanamh ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge as an ardoifig atá acu. Beidh díomá agus náire orainn nuair a tharlóidh sé sin. Is fiú a rá freisin go bhfuil ochtar ar an bhfoireann ag an gcomhdháil. Tá na daoine seo thar a bheith gníomhach. Ní bheidh post acu taobh istigh de mhí nó dhó. Bheadh an-áthas orm dá mbeadh an tAire Stáit in ann machnamh a dhéanamh ar an ábhar seo. An bhfuil aon leigheas ar an scéal? Tá an-chuid daoine mór le rá, atá ag saothrú ar son na Gaeilge, tar éis labhairt liom i dtaobh na comhdhála. Níor thuig siad ag an am go raibh sé seo ag tarlú. Táimid go léir i ndúiseacht anois. Tuigimid go bhfuil ré na comhdhála beagnach thart má tá sé ag brath ar mhaoiniú ón Stát. Beidh grúpaí den chineál seo ag teastáil uainn i gcomhthéacs na straitéise.

Tá an ghaelscolaíocht luaite sa straitéis 20 bliain. Cosúil le TG4 agus Raidió na Gaeltachta, tugann an obair iontach a dhéanann na gaelscoileanna spreagadh dúinn. Bíonn saghas eagla orm ó am go chéile go bhfuil brú Béarla á chur ar na gaelscoileanna - sé sin le rá, go bhfuil baol ann go mbeidh orthu an Béarla a úsáid sa ghaelscolaíocht. Ceapann an-chuid daoine a bhaineann le cúrsaí oideachais trí mheán na Gaeilge go ndéanfadh sé sin díobháil don chóras iontach atá ar bun sna gaelscoileanna. Níor bhunaigh an Stát na gaelscoileanna. Daoine deonacha, a bhí fís acu don Ghaeilge, a dhein é sin.

Bhí gach éinne thar a bheith sásta nuair a bhí nuachtán Gaeilge clóite ar fáil. Deirtear liom anois gur ar an Idirlíon amháin a bheidh a leithéid ar fáil amach anseo. Nuair a deineadh suirbhé suimiúil go leor maidir leis an gceist seo, dúirt 85% dóibh siúd a fhreagair gurb fhearr leo go mbeadh nuachtán Gaeilge clóite go rialta. Ní hionann é sin agus a rá nach nglacaimid leis go bhfuil athrú ag teacht ar an saol de bharr na rudaí iontacha atá ar fáil san earnáil IT. Tá sé ró-thapa agus ró-luath, áfach, fáil réidh go hiomlán le nuachtán Gaeilge atá clóite nó clóbhuailte a fhoilsiú go rialta. Tuigim gur féidir a rá go mbaineann na trí cheist atá curtha agam le Foras na Gaeilge, ach is dóigh liom go mbaineann siad leis an straitéis chomh maith. An bhfuil aon dul as i gceist i dtaobh na pointí a luaigh mé?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.