Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 6 March 2014

Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara

Éirí an Choimisinéara Teanga as a Phost: Díospóireacht leis an Aire Stáit

3:45 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Aontaím go bhfuil seirbhís fhada tugtha ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge le linn a staire. Tá mé ag plé leo le fada an lá, fiú amháin sular tháinig siad go dtí Sráid Chill Dara. Bhí mé ag plé leo nuair a bhí siad ar Shráid Uí Chonaill Íochtarach na blianta fada ó shin. B'fhéidir go bhfuil cuimhne ag an gCathaoirleach Gníomhach ar Dhonnchadh Ó Laoghaire, a bhí mar stiúrthóir ar an gcomhdháil ag an am, agus ar dhaoine eile a bhí bainteach leis an ngrúpa sin. Mar a tharlaíonn sé, sílim go raibh an nuachtán Gaeilge a bhí ann ag an am, Inniu, lonnaithe san oifig chéanna. Ar ndóigh, rinne an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas cinneadh gur cheart comhordú a dhéanamh ar na heagraíochtaí Gaeilge. Tá sé socraithe go ndéanfar laghdú ar líon na n-eagraíochtaí ó 19 gcinn go dtí sé cinn. Cuirim fáilte roimh na cinn atá roghnaithe. Mar a dúirt an Cathaoirleach Gníomhach, níl Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge roghnaithe agus is dócha go bhfuil ár ndearcadh féin againn uilig ar sin. Ar an lámh eile, ba mhór an trua é dá n-imeodh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Ní shílim go gcuireadh aon rud cosc ar an gcomhdháil leanúint ar aghaidh ar bhonn deonach. B'fhéidir go dtarlóidh sé sin. Is dócha go bhfuil sé sin le socrú go fóill.

Labhair an Cathaoirleach Gníomhach mar gheall ar na gaelscoileanna. Bíonn gach éinne in ísle brí anois is arís i dtaobh cúrsaí Gaeilge sa Státchóras nó sa Ghaeltacht. Táimid ag díriú isteach ar na pleananna teanga i láthair na huaire. Chaith muid cuid mhór ama ag plé le rudaí áirithe anseo inniu. Tá rudaí móra ag tarlú a raibh muid ag súil leo le blianta fada. Tá sé cinn as na 20 ceantar pleanála teanga aimsithe. Tá trí cinn eile á n-eagrú i láthair na huaire, ceann amháin acu thiar i gCois Fharraige. Chuir sé áthas orm gur tháinig na gluaiseachtaí agus na heagrais go léir le chéile ansin. Tá siad aontaithe ar phlean teanga a chur chun tosaigh anois. Tá an rud céanna á dhéanamh i mo cheantar féin thuas i nGaoth Dobhair agus thíos i mBaile an Fheirtéaraigh. Beifear á dhéanamh i deich gceantar eile. Tá na rudaí sin ag dul ar aghaidh mar pháirt ríthábhachtach den straitéis. B'fhéidir nach bhfuil duine i bhfeidhm anseo nó ansiúd, ach tá sé ag dul ar aghaidh. Chuir muid an reachtaíocht tríd ionas go mbeadh sé ar ár gcumas é seo a dhéanamh. Ghlac sé am na dúshraitheanna a leagan síos, ach tá siad leagtha síos. Tá sé sin ag dul ar aghaidh. Tá mé dóchasach go mbeidh 13 ceantar Gaeltachta tar éis scéimeanna teanga a chur ar fáil faoi dheireadh na bliana seo. Tagann na scéimeanna sin ó na pobail féin, le cabhair, tacaíocht agus comhairle ó Údarás na Gaeltachta, an Roinn agus grúpaí eile. Tá súil agam nach mbeidh siad ag rá nach bhfuil an líne sin nó an líne siúd i gceart anseo nó ansiúd.

Caithfimid ár n-intinn agus ár n-aire a choinneáil ar an mórphictiúr. D'fhéadfaimis 20 bliain a chaitheamh anseo ag plé an líne seo agus an líne siúd, ach ní dhéanfadh sé aon rud chun an Ghaeilge a chur chun tosaigh. Táimid ag cur na pleananna teanga le chéile sna Gaeltachtaí anois agus le tamall anuas. Bhí sé sa straitéis gurb é seo an phríomhrud atá le déanamh má táimid chun an Ghaeilge a choinneáil beo sa Ghaeltacht. Is fear Gaeltachta mé. Feicim cad atá ag dul ar aghaidh. Tá an Ghaeilge ag meath sna Gaeltachtaí. Caithfidh an Seanadóir Ó Domhnaill aontú liom go bhfuil sé seo ag tarlú ina pharóiste féin. Tá bailte fearthainn ina raibh an Ghaeilge i ngach teach 30 nó 40 bliain ó shin, ach is beag de na teaghlaigh sin a labhraíonn Gaeilge leis an aos óg anois. Is é sin an dúshlán atá againn. Is féidir linn bheith anseo ag argóint faoi phointí ghramadaí agus faoi fhocail anseo is ansiúd.

Dírímis isteach ar mhórobair na straitéise, uimhir a haon, an Ghaeltacht a shábháil agus tacaíocht a thabhairt do na pobail taobh amuigh den Ghaeltacht, na líonraí Gaeilge. Tá an foras ag obair orthu i láthair na huaire agus beidh tréimhse chomhairliúcháin aige agus beidh sé ag aimsiú agus ag ainmniú na líonraí seo gan mhoill. Tuigim go ndéanfaidh sé sin an bhliain seo chugainn agus go n-ainmneoidh sé na bailte seirbhísí Gaeltachta. Caithfimid díriú ar seo. Is é an chiall a bhainim as an straitéis 20 bliain ná go gcaithfidh muid an Ghaeltacht a shábháil ar dtús. Tá sin á dhéanamh againn. Táimid ag dul ar aghaidh leis an bplean le sin a dhéanamh. Freisin, caithfidh muid tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. Caithfidh muid díriú ar an nGaeilge sa tseirbhís phoiblí agus mar sin de fosta.

Nuair a fheicim cad atá ag dul ar aghaidh sna gaelscoileanna, tugann sin dóchas agus misneach dom. Chuirfeadh sé isteach go mór orm dá mbeadh aon truailliú ar an Ghaeilge sna gaelscoileanna. Aontaím ar fad leis an gcathaoirleach agus ba bhreá liom iad a oscailt go hoifigiúil ó seo go Corcaigh. Feicim an obair iontach atá ag dul ar aghaidh ansin. In ionad truailliú a dhéanamh ar an teanga ansin, caithfimid tacaíocht a thabhairt don teanga. Nuair a bheidh mo Roinn agus Roinn eile ag caint ar cad é atá siadsan ag déanamh maidir le cur i bhfeidhm na straitéise, is féidir an pointe seo a dhéanamh. Níl aon deacracht agam le sin.

Maidir le nuachtán clóite, ba dheas an rud é dá mbeadh nuachtán clóite againn. Bhí nuachtán clóite againn le blianta. Is cuimhin liom Amárach, Inniu, Foinse agus mar sin de. Bhí deacracht an uair dheireanach a bhí nuachtán clóite againn. Ar an drochuair, ní raibh aon díolaíocht air, thart faoi 1,400 cóip in aghaidh na seachtaine. Bhí fordheontas maith le fáil, ach tá cinneadh déanta i láthair na huaire, i bhfianaise an méid airgid agus acmhainní atá againn, go mbeidh an nuachtán clóite ar líne. Chomh fada agus a bhaineann sé liomsa, is maith liom nuachtán a bheith i mo lámh agam, ach tá aithne agam ar dhaoine, b'fhéidir daoine óige ná mé, nár cheannaigh nuachtán le blianta. Caithfimid amharc ar sin. Dá mbeadh an saol i gceart agus dá mbeadh gach rud foirfe, bheadh sé go deas dá mbeadh nuachtán Gaeilge againn. Sin mo dhearcadh féin, ach caithfimid amharc ar cad iad na hacmhainní atá againn agus an dóigh is fearr le dul i bhfeidhm ar phobal na Gaeilge.

Tá mo mhacasamhail measartha tábhachtach, ach is iad na daoine is tábhachtaí ar fad ó thaobh na Gaeilge de ná an ghlúin atá le teacht. Tá sé iontach tábhachtach go ndéanfaí freastal orthusan. Ar a laghad, tá an rud atá i gceist ag Foras na Gaeilge ar an idirlíon chun freastal orthu siúd. Níl a fhios agam cad iad na féidearthachtaí maidir le gnáth nuachtán traidisiúnta a chur ar fáil, ach ba mhaith liom dá mbeadh sé ann.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.