Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 6 March 2014

Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara

Éirí an Choimisinéara Teanga as a Phost: Díospóireacht leis an Aire Stáit

3:35 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Dá fhad agus a théann an cruinniú seo ar aghaidh, is mó mionphlé gur gá a dhéanamh ar an gceist seo. Tá mise d'aon turas tar éis an chathú a sheachaint dul ag plé le míreanna a sé ar aghaidh den straitéis, mar sílim go bhfuil sé fíorthábhachtach inniu breathnú ar an mbunstruchtúr a bhí taobh thiar den straitéis. Cén uair atá i gceist an cruinniú seo a chur ar athló? An bhfuil cur chuige straitéiseach againn le plé leis an gceist seo?

Nuair a bheidh muid réidh le míreanna 1-5 agus ag dul ar aghaidh chuig na réimsí gnímh, is éard a bheidh orainn a dhéanamh ná an straitéis agus na pleananna forfheidhmithe ón Roinn Oideachais agus Scileanna a fháil agus an méid dul chun cinn atá déanta go dáta a chur taobh le taobh agus dul tríothu líne ar líne. Más gá, thiocfainn leis an Aire Stáit gur ab iontach an rud é dá dtiocfadh an tAire sinsearach Oideachais agus Scileanna isteach in éineacht leis le sin a phlé linn líne ar líne. Tá na cluasáin ann dó mura bhfuil sé in ann Gaeilge a thuiscint. Ba chóir go bhfreagródh sé agus an tAire Stáit ceisteanna ar na míreanna sin.

An bhféadfainn a mholadh nach dtiocfaimis thar na struchtúir feidhmithe agus na bunchuspóirí inniu agus go gcuirfí an cruinniú ar athló nuair a bheidh an méid sin pléite?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.