Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 23 January 2014

Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge: An Coimisinéir Teanga

1:30 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimhe sin, ach is straitéis uile-Rialtas atá i gceist. Tá Airí eile i gceist freisin agus, i gcead don Aire Stáit, tá faitíos orm go gheobhaidh muid an bladar céanna a fhaigheann muid sa Seanad nuair a thagann sé isteach ag plé cúrsaí Gaeilge. Gheobhaidh muid an cineál ráitis uilíoch seo go bhfuil sé go mór ar son na Gaeilge, gur fear Gaeltachta é agus go bhfuil daoine thíos i gCeatharlach a labhrann Gaeilge gach lá den tseachtain agus nach bhfaigheann siad deontas ar bith. Geallaim gur rud mar sin a bheidh againn. Ach, tá mise ag iarraidh go ndíreodh muid ar an straitéis go sonrach, mar a dhéanfadh muid ar Chéim an Choiste de Bhille, agus go rachfadh muid tríd pointe ar phointe. Sin an cineál forensic examination atá ag teastáil le nach féidir leis na hAirí éagsúla éalú ó na buncheisteanna, mar tiocfaidh siad isteach anseo, déanfaidh siad óráid breá groíúil ag léiriú go bhfuil siad báúil don Ghaeilge agus imeoidh siad arís agus ní bheidh tada maith déanta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.