Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 23 January 2014

Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge: An Coimisinéir Teanga

1:30 pm

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail) | Oireachtas source

Mar is eol don Seanadóir, ardaíodh ceist na straitéise sa Seanad agus seans go raibh an scéal amhlaidh sa Dáil. Níor tháinig mórán freagraí ar aghaidh, ach is í sin an chúis go bhfuil an fochoiste ann. Is é an t-aon fóram atá ann i lathair na huaire chun teacht ar fhreagraí. Táimid ag súil le go dtiocfaidh an tAire Stáit isteach chuig an fochoiste roimh deireadh na míosa, tá an dáta 29 Eanáir luaite, agus nuair a thagann sé isteach, beidh seans againn freagraí a fháil ar na ceisteanna a cuireadh sa Seanad agus sa Dáil. I ndiaidh sin, beidh an fochoiste in ann moltaí a dhéanamh agus modus operandi a mholadh. Tá géarghá le sin. Aontaím go bhfuil práinn mhór le seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.