Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 23 January 2014

Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge: An Coimisinéir Teanga

1:30 pm

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá an-díomá orm nach bhfuil ionadaí anseo ón Rialtas. Ar bhealach, tá freagra ag teastáil maidir le sin. Má fhéachann muid ar chuid de na coistí eile, mar shampla an PAC, bhí an áit seo lán. Tá ábhar na díospóireachta seo chomh tábhachtach le sin. Tá cúrsaí airgid i gceist chomh maith, ní cheist na Gaeilge amháin atá faoi scrúdú. Chomh maith le sin, tá an cinneadh atá déanta ag an Oireachtas i gceist. Mar sin, tá súil agamsa go rachaidh teachtaireacht amach chuig na hionadaithe eile a ba chóir a bheith anseo go gcaithfidh siad a bheith anseo an chéad lá eile. Caithfimid é sin a dhéanamh.

Glacaim go dteastaíonn ón Seanadóir go ndéanfar rud éigin go tapaidh, ach molaim fanacht go dtí an chéad cruinniú eile. Má tharlaíonn sé taobh istigh de deich lá, ní bheidh sin ró olc agus beidh seans againn déileáil le rudaí ansin. Deireann an Seanadóir nach mbeidh freagraí ag teacht ón Aire Stáit, ach bheadh an-díomá orm dá mba rud é nach raibh freagraí ag teacht uaidh. Seo an dualgas atá faighte againn ó choiste an Oireachtais agus caithfimid leanúint ar aghaidh leis na ceisteanna a chur. Inniu, tá triúr fágtha anseo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.