Oireachtas Joint and Select Committees
Thursday, 23 January 2014
Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara
Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge: An Coimisinéir Teanga
12:40 pm
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis an gcoimisinéir as ucht teacht isteach anseo inniu agus cur i láthair iontach a thabhairt dúinn. De ghnáth, ní bhíonn an fochoiste seo ag iarraidh caint faoi chúrsaí polaitíochta. Caithfidh mé a rá, áfach, go bhfuil díomá an domhain orm nach bhfuil aon Teachta Dála nó Seanadóir ó pháirtithe an Rialtais i láthair anseo. Ceapaim gurb í seo an chéad uair riamh gur sheas ombudsman sa Stát siar ón a phost. Tá a lán le foghlaim againn agus ag an Rialtas ó thaithí an choimisinéara. Tá sé dochreidte nach bhfuil éinne ó pháirtithe an Rialtais anseo. I mo thuairim, taispeánann sé sin drochmheas don choimisinéir, do mhuintir na Gaeltachta agus do Ghaeilgeoirí timpeall na tíre. Is léir nach bhfuil siad sásta teacht anseo inniu.
Cé go bhfuil an méid atá ráite ag an gcoimisinéir dochreidte, i slí amháin, níl iontas orm de bhrí go bhfuil go leor fianaise feicthe agam i gContae na Mí agus in áiteanna eile ar fud na tíre. Tá daoine tinn tuirseach agus iad ag iarraidh seirbhísí a fháil ón Stát trí mheán na Gaeilge. Nuair a chuir mé glaoch ar an ESB cúpla seachtain ó shin, roghnaigh mé an líne Ghaeilge ach ní raibh éinne in ann labhairt liom. Dúradh liom go gcuirfeadh duine éigin glaoch ar ais chugam tar éis cúpla uair. Nuair a tháinig an glaoch sin, ní raibh an duine in ann cabhrú liom ar chor ar bith agus bhí orm an gnó a dhéanamh trí Bhéarla. Tá a fhios agam nach bhfuil a lán daoine sásta dul ar aghaidh mar sin. Má tá orthu default a dhéanamh ar ais go dtí an Béarla tar éis tamaill, déanann sé praiseach den rud ar fad.
Tá 25% de thuismitheoirí na tíre seo ag iarraidh gaelscolaíocht a fháil dá leanaí, ach níl ag 5% de pháistí na tíre seo ag fáil gaelscolaíocht faoi láthair. Níl aon ionad sa Roinn Oideachais agus Scileanna ag déileáil leis an éileamh sin. Níor bhunaigh aon Rialtas riamh gaelscoil sa tír seo. I ngach cás, bhí ar thuismitheoirí na tíre seo teacht le chéile, feachtas a chruthú agus gaelscoil a bhunú. Tá sé dochreidte nach bhfuil an Roinn sásta ionad a sholáthar chun an t-éileamh sin a shásamh. Tá sé iontach a chloisteáil go bhfuil an méid sin eolais ann faoi na fadhbanna a bhaineann leis an easpa iniúchadh. Bheimis ag oibriú sa dorchadas gan an t-eolas sin.
Táimid ag díriú ar an straitéis 20 bliain. Dar le saineolaithe, níl 20 bliain fágtha ag an nGaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht. I mo thuairim, táimid i ngéarchéim uafásach sa chomhthéacs seo. Muna bhfuil an Rialtas sásta ceannaireacht a thabhairt, ní bheidh deireadh le fadhbanna dochreidte sa Státseirbhís ar nós an frithGhaelachas. Molaim go mór an méid oibre atá déanta ag an gCoimisinéir Teanga, go mórmhór an chaoi ina bhfuil sé ag díriú isteach ar an bhfadhb seo ag an bomaite.
No comments