Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 23 January 2014

Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge: An Coimisinéir Teanga

12:40 pm

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail) | Oireachtas source

Cuirim fáilte arís roimh an gCoimisinéir Teanga. Bhí mé anseo an mhí seo caite nuair a labhair sé le comhchoiste eile. Ghabh mé buíochas leis an lá sin agus ba mhaith liom é sin a dhéanamh arís inniu. Gabhaim buíochas leis an gCathaoir freisin as ucht an obair mhaith a rinne sé i dtaobh na straitéise. Chuaigh an chomhchoiste ag an am ar thuras go hiarthar na Gaillimhe. Mar a dúirt an Teachta Tóibín, is mór an trua é nach bhfuil Teachtaí Dála nó Seanadóirí ó pháirtithe an Rialtais i láthair.

Ba mhaith liom ceist a chur ar fhoireann an choimisinéara faoi ábhar a ardaíodh Dé Máirt seo caite nuair a bhí cruinniú againn mar gheall ar na Meastacháin. Dúirt an tAire Stáit go bhfuil €500,000 ar fáil d'Oifig an Choimisinéara Teanga i mbliana. Céard a tharlóidh don airgead sin nuair a éireoidh an coimisinéir as a phost ag deireadh na míosa? Tá sé ráite le déanaí go dtarlóidh an cónascadh le hOifig an Ombudsman i mí Meán Fómhair seo chugainn. Céard a tharlóidh d'Oifig an Choimisinéara Teanga ansin? B'fhéidir nach bhfuil a fhios ag an gcoimisinéir an mbeidh oifig i nGaillimh, mar shampla. Tá sé an-tábhachtach go mbeadh an choimisinéir neamhspleách agus nach mbeadh gach rud fite fuaite in oifig amháin. Dúirt an tAire Stáit Dé Máirt seo caite go bhfuil gearradh siar á dhéanamh ar líon airgid an Roinn agus an t-údarás.

Tá a lán rudaí tábhachtacha ráite ag an gcoimisinéir mar gheall ar an straitéis, go háirithe faoi chúrsaí oideachais. Níl éinne sásta go bhfuil an gearradh siar seo ag dul ar aghaidh. Tá airgead ann don choimisinéir, ach ní bheidh sé ann tar éis mí eile. Ba cheart réiteach a fháil ar go leor fadhbanna éagsúla agus freagraí a fháil, más féidir, ón Rialtas agus ón Aire Stáit. Is trua liom go mbeidh orm imeacht go dtí an Dáil ag a haon a chlog. Ba mhaith liom na ceisteanna sin a chur ar an gcoimisinéir. Cuirim fáilte roimhe arís.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.