Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 3 October 2013

Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara

Ag Spreagadh na Gaeilge ar fud na Tíre: Plé

11:20 am

Aodhán Ó Deá:

Ba mhaith liom tagairt a dhéanamh don cheist a chuir an Seanadóir Ó Clochartaigh maidir leis an méid scoileanna atá páirteach sa scéím agus an t-éileamh ar an scéím. Mar cúlra, déanfaidh mé cur síos ar an chineál oibre atá á dhéanamh agam. Táim comh-fostaithe ag cúig eagraíocht Gaeilge éagsúla chun obair a dhéanamh sna meánscoileanna agus ag an triú leibhéal. Déanfaidh mé tagairt don triú leibhéal i gceann cúpla nóiméad.

Thosaigh mé ar an scéim seo le seó bóthair trí bhliain ó shin agus thosaigh mé ag tabhairt cuairteanna ar scoileanna timpeall na tíre agus ag déanamh ceardlann idirghníomhacha le ranganna idirbhliana i scoileanna timpeall na tíre. Ar dtús, bhí sé deacair dul i dteagmháil le scoileanna maidir le seo agus iad a chur ar an eolas go raibh an seó ar fáil, ach chomh luath agus gur thuig siad go raibh sé saor in aisce, bhí an-éileamh ar an seó. Le trí bliana anuas, táim tar éis cuairt a thabhair ar breis agus 400 de na hiarbhunscoileanna ón breis agus 1,000 iarbhunscoileanna atá ann idir Tuaisceart agus Deisceart na tíre. Tá éileamh dochreidte ar an seó agus tá liosta feithimh agam ón bhliain seo caite. Tá breis agus 100 scoile nach raibh deis agam cuairt a thabhairt orthu.

Mar fhreagra ar an cheist, an rud atá feicthe againn ná go léimeann na scoileanna ar scéim ar bith mar seo. Teastaíonn uathu a bheith gníomhach i rud mar seo agus ceangal a dhéanamh leis na heagraíochtaí Gaeilge. Feiceann siad fiúntas sna scéimeanna seo. Tá 26 scoil páirteach sa dhá scéim faoi láthair. Tá na scéim teoranta don uimhir sin faoi láthair toisc nach raibh muid in ann an iomarca scoileanna a thógáil orainn féin sa chéad bhliain, cé go raibh beagnach gach scoil lena raibh muid i dteagmháil ag iarraidh léimt ar an deis seo. Thosaigh muid ar an scéim le cúig scoil anuraidh agus táimid ag iarraidh dul ar aghaidh anois agus fás de réir a chéile.

Más féidir linn an deis seo a oscailt do gach uile scoil sa tír, is cinnte go léimfidh na céadta scoileanna ar an deis sin chomh tapaidh agus is féidir leo. Tá éileamh iontach ann ó scoileanna atá dáiríre mar gheall ar rudaí den chineál seo a dhéanamh. Is mian leo bheith páirteach san fheachtas seo.

D'fhiafraigh an Teachta Tóibín an féidir an scéim seo a leathnú amach don tríú leibhéal. Tá an-obair ar siúl agam sa dara chuid den phost atá agam, ina bhfuil sé de dhualgas orm plé a dhéanamh leis an 26 Cumann Gaelach atá ag feidhmiú sna hinstitiúidí agus sna hollscoileanna. Tá fás an-mhór tagtha ar líon na gcumainn le trí nó ceithre bliana anuas. Nuair a thosnaíomar ag plé leis an earnáil seo ceithre nó cúig bliana ó shin, bhí thart ar deich gCumann Gaelach sa tír ach tá Cumann Gaelach - beag nó mór - i ngach institiúid tríú leibhéal sa tír anois. Tá cuid acu beag go leor os rud é go bhfuil siad ag tosnú amach. Bhí mé ag cruinniú aréir in Ollscoil Luimnigh, áit ina bhfuil Cumann Gaelach nua le bunú i gceann cúpla lá. Tá cuid eile dóibh dochreidte mór os rud é go bhfuil siad forbartha le blianta anuas. Tá breis is 2,000 ball sa Chumann Gaelach i gColáiste na hOllscoile, Báile Átha Cliath. Tá na cumainn ar fad ag fás bliain ar bhliain.

Is dócha nach n-oibreodh Gaelbhratach sa bhealach céanna ag an triú leibhéal toisc go n-athraíonn gach éinne ó bhliain go bliain. Táimid ag iarraidh go mbeidh leanúnachas ann. Sa bhunscoil agus sa mheánscoil, leanann na múinteoirí ar aghaidh agus is féidir leo a chinntiú go bhfuil an obair ag dul ar aghaidh ó bhliain go bliain. Bronntar gradaim éagsúla orthu siúd a ghlacann páirt sa ghníomh seo. Bronnann Glór na nGael gradam ar an gCumann Gaelach is gníomhaí gach bliain.

Tá sé foghlamtha againn sa triú leibhéal go n-oibreoidh pé imeacht nó feachtas atá ag obair in ollscoil nó in institiúid tríú leibhéal amháin in ollscoil nó institiúid eile. Táimid ag iarraidh an ceacht sin a thabhairt ar aghaidh go dtí an dara leibhéal. Táimíd ag tógáil samplaí d'imeachtaí nó feachtais iontacha atá eagraithe i gColáiste na Tríonóide nó i gColáiste na hOllscoile, Báile Átha Cliath agus ag iarraidh an rud díreach céanna a eagrú in Institiúid Teicneolaíochta, Sligeach; in Institiúid Teicneolaíochta, Trá Lí; in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh; nó in aon choláiste eile timpeall na tíre. Tá an rud díreach céanna i gceist i dtaobh scoileanna. Is féidir linn na himeachtaí agus na feachtais atá ar siúl i scoileanna áirithe a úsáid mar shamplaí do scoileanna eile, ionas go mbeidh an cur chuige céanna acu.

Is iontach an rud é go bhfuil an feachtas seo ag dul ar aghaidh. Is léir ón méid atá feicthe agam agus mé ag plé leis an dara leibhéal do mbíonn an-chuid de na daltaí atá gníomhach sna cumainn seo ag an dara leibhéal an-ghníomhach sna cumainn nuair a théann siad ar aghaidh go dtí an triú leibhéal. Tá sé iontach an trasnú sin a fheiceáil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.