Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 3 October 2013

Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara

Ag Spreagadh na Gaeilge ar fud na Tíre: Plé

11:20 am

Síomha Ní Mhuirí:

Maidir le cuid de na ceisteanna, tá freagraí difriúla le tabhairt maidir leis na bunscoileanna. Cinnte, feicim go bhfuil múinteoirí sásta glacadh leis an scéim seo. Tá an méid céanna scoileanna againn, 26, agus atá i gceist leis na hiarbhunscoileanna. Tá na scoileanna seo ar fud na tíre, ach nil liosta cruinn agam do na contaetha atá i gceist. Tá trí chinn de na scoileanna i dTuaisceart na tíre agus i gcontaetha éagsúla, seachas Gaillimh, Maigh Eo, Corcaigh, An Cábhán, Muineachán, Baile Átha Cliath agus Cill Dara.

Rinne muid iarracht mhaith scoileanna éagsúla a fháil le páirt a ghlacadh sa scéim. Mar sin tá scoileanna Oideachas le Chéile againn, scoileanna il-ghrád, scoileanna Caitleacha agus scoil amháin Protastúnach againn. Bhíomar ag iarraidh go mbeadh an scéim ar fáil do chuile duine agus mbeadh deis ag chuile duine páirt a ghlacadh. Theastaigh uainn go dtuigfeadh múinteoirí nach scéim do Gaelscoileanna amháin a bhí i gceist, ach tá trí Gaelscoileanna sa scéim chomh maith.

Cuireadh ceist faoin scéim agus an obair dhúshlánach a bhíonn le déanamh ag múinteoirí bunscoile cheana féin. Tá difear idir an chaoi a ndéileáileann mé féin agus Siún leis na scoileanna. Nuair a labhraím sna scoileanna, an chéad rud a dheirim ná gur múinteoir bunscoile mé agus go dtuigim an obair atá le déanamh acu cheana féin agus an páipéarachas atá i gceist. Tá an scéim leagtha amach againn do na múinteoirí, tá an lámhleabhar, nó an fillteán tacaíochta, ar fáil dóibh agus táim féin ann chomh maith le tacaíocht a thabhairt, ionas go bhfuil sé beagnach indéanta do mhúinteoirí gan an scéim a chur i bhfeidhm go héasca sna scoileanna. Táim féin ar fáil don bhliain uilig chun cabhrú leis na múinteoirí agus chun tacaíocht agus cúnamh a thabhairt agus chun cabhrú leo teacht suas le smaointe.

An difear leis na bunscoileanna ná go dtiteann an fhreagracht ar na múinteoirí. Ní féidir coiste a chur ar bun le páistí bunscoile amháin, ach is cóir go mbeadh na páistí páirteach sa phróiseas. Seo an fhadhb is deacra, go mbeidh na múinteoirí sásta an stuif seo a thógáint orthu féin agus a chur i bhfeidhm. Sna bunscoileanna freisin tá difear idir an scéim seo agus an brat glas. Cé go bhfuil an scéim seo bunaithe ar an scéim sin, tá difear eatarthu mar nach bhfuil an méid céanna páipéarachais i gceist agus níl na critéir céanna mheasúnaithe i gceist. Is féin-mheasúnú atá i gceist. Maidir le conas a dhéantar sin, tá blag ar an Idirlíon agam agus beidh na 26 scoileanna páirteach sa bhlag sin. Blag príobháideach é atá dúnta don phobal. Beidh leathanach sa bhlag gur féidir leis na scoileanna a úsáid le uaslódáil a dhéanamh ar chuile rud a dhéanann siad i rith na bliana, mar shampla, pictiúir a ghlac siad, fístéipeanna a thóg siad.

Is bealach é an blag inar féidir leis na scoileanna uilig féachaint ar chéard atá ar siúl i scoileanna eile agus féachaint ar chéard atá ag oibriú i scoil amháin agus nach bhfuil ag oibriú i scoil eile. Is féidir leo freisin smaointe a fháil agus cumarsáid a bheith acu lena chéile. Leagann seo béim ar an fheasacht teanga agus an tslí a bhfuil siad ag déanamh cumarsáide taobh amuigh den rang. Is bealach domsa é an blag measúnú a dhéanamh gan a bheith ag dul isteach sna scoileanna ag déanamh cigireachta orthu.

Cuireadh ceist maidir le hacmhainní. Tá méid áirithe airgid tugtha dúinn ag an bhforas le haghaidh acmhainní. Arís, tá difear idir na hacmhainní a bheidh in úsáid ag na bunscoileanna agus iad a bheidh in úsáid sna hiarbhunscoileanna. Ó thaobh pleanála de do na bunscoileanna, is iad na hacmhainní an chuid is tábhachtaí le daltaí agus páistí a spreagadh le páirt a ghlacadh i rudaí. Tá béim mhór leagtha againn ar sin. Beidh ábhair oifigiúla againn ar nós leabhair agus táimid tar éis iarradh ar an bhforas cabhair a thabhairt leabhair a fháil ón Gúm ar phraghas maith agus rudaí eile a fháil atá riachtanach do ranganna agus do mhúinteoirí. An acmhainn is mó a bheidh acu ná an blag a luaigh mé agus beidh acmhainní ar fáil ar líne freisin, ar nós fístéipeanna agus cluichí idirgníomhacha. Is cóir go mbeidh siad in ann dul chuige seo istigh sa rang agus é a úsáid láithreach agus go mbeidh na scoileanna éagsúla nascaithe le chéile.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.