Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 13 June 2013

Joint Oireachtas Committee on the Implementation of the Good Friday Agreement

Northern Ireland Irish Language Act: Discussion

1:05 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

I will make my statements as Gaeilge because it is important for us as parliamentarians here to use the service we have.

Cuirim míle fáilte roimh na rannpháirtithe anseo. Duine mé a bhfuil ardmheas agam ar an dul chun cinn atá déanta sna Sé Contae ó thaobh na Gaeilge de. Breathnaím ó Thuaidh i gcónaí ó thaobh eiseamláir maidir le cur chun cinn na teanga. Le bheith pointeáilte faoin díospóireacht seo inniu, ceapaim go bhfuil Acht na Gaeilge ó Thuaidh tábhachtach sa chomhthéacs idirnáisiúnta, ó thaobh na teangacha eile atá faoi bhrú, agus go háirithe ó thaobh an chaoi ina bhfuil an Gáidhlig in Albain.

I saol eile, bhí mise ag plé leis an drámaíocht agus na meáin agus ceann de na háiteanna is mó a ndearna mé taisteal chuige ná na hoileáin siar in Albain, áit a bhfuil Eileán Leódhais, Eileán na Hearadh, Beinn na Faoghla agus áiteacha eile mar sin ina bhfuil formhór pobal Protastúnach iontu a labhraíonn an Gáidhlig ó lá go lá. Ní raibh aon cheist riamh in Albain an pholaitíocht agus mar sin de a ardú ó thaobh an teanga de. Ba bhreá liom sin a fheiceáil anseo chomh maith céanna, ar fud an oileáin seo. Caithfimid dul i dtreo an rud sin, nach bhfuil an pholaitíocht bainteach leis an teanga agus nach bhfuil sí dlúthcheangailte leí.

Is cóir go ndéanfadh an coiste seo iarratas maidir leis an SEUPB, go ndéanfaídh achainí ar an choiste, mar atá luaite ag Niall Ó Catháin, maidir le tacaíocht a thabhairt ó thaobh na tograí a bhfuil an teanga bainteach leo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.