Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 13 June 2013

Joint Oireachtas Committee on the Implementation of the Good Friday Agreement

Northern Ireland Irish Language Act: Discussion

1:15 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tacaím leis an méid atá ráite ag an Seanadóir Ó Clochartaigh. Ba mhaith liom fáilte a chur roimh na rannpháirtithe éagsúla. Ní ball den choiste seo mé. Tá mé ag déanamh ionadaíochta ar son an Teachta Crowe. Bhí air an cruinniú seo a fhágaint.

Tá stair ársa agus suimiúil ag an nGaeilge. Ní bhaineann sé le haon aicme, aon reiligiún nó aon phairtí polaitiúil ar an oiléan seo. Ní chóir go mbainfeadh aon teanga riamh le haon cheann acu sin. Dhein m'athair staidéar sa leabhar Hidden Ulster ar an ceangal agus an cur chuige a bhí ag an pobal Preispitéireach ar an oileán seo i dtaobh na Gaeilge. Ba léir ón staidéar sin gur minic go raibh na Preispitéirigh chun tosaigh ar an gcuid eile den tír maidir le cosaint a dhéanamh ar an teanga nuair a bhí sí faoi bhrú. Is trua gur chaill muid thar 100 nó 150 bliain roinnt den seasamh sin a bhí i measc dream láidir a bhí lonnaithe i gCúige Uladh sa chuid is mó, cé go rabhadar tríd na tíre ar fad. Dá mbeadh an stair an-spéisiúl atá ag an Ghaeilge i gCúige Uladh curtha chun cinn níos mó, b'fhéidir go mbeadh sé beagáinín níos éasca roinnt den naimhdeas don Ghaeilge i measc roinnt daoine a bhriseadh síos. Ba chóir go mbeadh an Special European Union Programmes Body ag iarraidh an tsórt cur chuige sin a bheachtú leis an airgead atá á chur chun cinn acu chun déileáil le "intolerance". Ba cheart don choiste scríobh chucu chomh luath agus is féidir, ag léiriú go bhfuil teip orthu déileáil leis an iarratas a cuireadh isteach maidir leis an nGaeilge. Ba chóir go mbeidís ag tabhairt tacaíocht don Ghaeilge agus ag iarraidh slí a fháil chun déileáil leis an naimhdeas atá i measc roinnt daoine sa tír.

Tháinig mise ar an nGaeilge i dtús báire os rud é gurb í mo theanga dhúchais í. Tógadh mé i mBaile Átha Cliath, agus bhí sé deacair dom an Béarla a fhoglaim. Ní raibh Béarla maith agam suas go dtí an dara leibhéal, nó fiú an tríú leibhéal, ar scoil. B'fhéidir nach bhfuil go fóill, de réir roinnt daoine. Níor chas mé ar an Béarla i gceart go dtí gur chuaigh mé go dtí an ollscoil, toisc go raibh na léachtanna i mBéarla. Tuigim go bhfuil sé deacair do dhaoine teangacha a fhoglaim nó a ghnóthú. Ní raibh mé in ann tabhairt faoin Fhraincis i gceart nuair a bhí mé ar scoil. Bhí orm casadh ar an mBéarla os rud é go raibh sé timpeall orm sa chathair seo, inar tógadh mé. Bhí an Béarla ag mo ghaolta ar fad - ní Gaeilgeoir ó dhúchas é m'athair. Tháinig sinsir m'athair as Woodvale i mBéal Feirste sa chéad dul síos. Preispitéirigh ab ea iad, agus chuir siad fúthu i gContae Cheatharlach sa 19ú chéad. Fiú sa chéad deireanach, bhí siad gafa le náisiúnachas - bhí siad amuigh sa bhliain 1916 - in ainneoin gurb as Woodvale dóibh. Tá ár stair an-chasta agus uaireanta bíonn sé deacair teacht tríd.

Tá an Comhchoiste um Fhorfheidhmiú Chomhaontú Aoine an Chéasta ag díriú isteach ar conas todhchaí nua a thógaint, agus na deacrachtaí stairiúla ar fad fágtha leis an stair. Ba chóir go mbeimid in ann níos mó a dhéanamh, mar a léiríodh i gComhaontú Aoine an Chéasta agus, go háirithe, i gComhaontú St. Andrews, nuair a gheall an dá Rialtas go mbeadh Acht teanga sa Tuaisceart. Molaim gur chóir don choiste scríobh chuig an Taoiseach ag impí air straitéis a leagadh amach a mhíneodh conas a chuirfidh an Rialtas anseo, i gcomhar le Rialtas Shasana, an Acht teanga seo i gcrích, mar a léirigh an dá Rialtas sa chomhaontú idirnáisiúnta.

Ba chóir don choiste litir eile a scríobh i dtaobh an chiste craolacháin. Is gá go mbeadh an ciste sin níos buaine. Ní raibh mé anseo chun éisteacht le gach rud a bhí le rá ag ár gcuairteoirí, ach go bhfios dom, tá sé i gceist ag an gcoiste athnuachan a dhéanamh arís sa bhliain 2015. Measaim gur chóir go mbeadh an Rialtas anseo ag tabhairt tacaíocht dóibh siúd atá i mbun feachtais, ag iarraidh go gcuirfí an ciste craolacháin ar bhunús níos buaine.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.