Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 13 June 2013

Joint Oireachtas Committee on the Implementation of the Good Friday Agreement

Northern Ireland Irish Language Act: Discussion

1:05 pm

Photo of Terry BrennanTerry Brennan (Fine Gael) | Oireachtas source

Caithfidh mé a rá nach ball den choiste seo mé, ach tháinig mé anseo le cloisint céard atá á dhéanamh maidir leis an Ghaeilge i dTuaisceart na hÉireann. Ba mhaith liom fáilte a chur roimh na finnéithe. Tá fáinne óir agam, ach níl mo theanga fhéin ar bharr mo theanga. Táim an-bhuíoch don Seanadóir Ó Clochartaigh mar fuair mé an fáinne óir uaidh. Táim an-bhuíoch dó as sin. Nuair a bhí mise ar scoil, cúpla bliain ó shin, múineadh na hábhair ar fad tré Ghaeilge, stair, tír eolas agus gach ábhar eile ach amháin Béarla. Bhí an Ghaeilge á labhairt freisin nuair a bhíomar ag imirt cluiche peile sa chlós nó sa pháirc. Bhí ceithre nó cúig scoileanna náisiúnta sa cheantar agus sin mar a bhí sé i ngach scoil sa cheantar.

Chaill mé mo theanga, ach nuair a tháinig mé go Teach Laighin cúpla bliain ó shin, thosnaigh mé ag freastal ar rang Gaeilge anseo agus de réir a chéile tá an teanga ag teacht ar ais chugam. Tá scéal gearr agam a bhaineann leis an tír seo. Cúpla bliain ó shin, bhí mé ag caint le príomhoide scoil náisiúnta. B'fhéidir go raibh an múinteoir céanna ag an duine seo agus a bhí agamsa. Dúirt sé liom go raibh ár teanga ag fáil bháis. Bhí brón orm é sin a chloisint agus d'fhiafraigh mé de cad a bhí á dhéanamh aige i dtaobh sin. Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo ar an fhreagra a thug sé dom. Dúirt sé nach bhfuil sé ag déanamh faic faoi. Ceapaim nach bhfuil an tsuim céanna ag an chuid is mó de na múinteoirí in ár scoileanna náisiúnta agus a bhí. Inniu, lasmuigh de doras an Tí seo, chuala mé múinteoir - cailín a bhí inti - ag caint Gaeilge lena daltaí scoile. Bhí Gaeilge iontach ag an múinteoir seo, absolutely fantastic and I butted in to ask a question. As often as I can, I ask pupils from scoileanna náisiúnta here cén contae as a dtagann siad agus mar sin de. Bhí Gaeilge iontach ag an dream seo, taobh amuig den doras seo. Bhí áthas an domhain orm iad a chloisint.

Caithfidh mé é seo a rá i mBéarla. We must make our native language fun to learn sna scoileanna. Bhí mé ag caint le fear atá pósta ag a bhfuil cúigear páiste aige agus a bhfuil cónaí air sna Stáit Aontaithe. He is a man who has been through university and has a degree, an MBA and the lot. I asked him who was the best teacher he had ever come across and he said it was the man, an fear a bhí ag caint liom agus a dúirt nach raibh sé ag déanamh faic maidir leis an Ghaeilge a bheith ag fáil bháis. I asked why he chose him and he said that it was because, "He made it fun to learn." I am convinced by that.

I have a suggestion to make. I have a fáinne óir, ach b'fhéidir nach cóir go mbeadh sé agam mar níl an Ghaeilge ar bharr mo theanga agam. Caithfidh mé smaoineamh a dhéanamh roimh gach abairt. Táim ábalta an Ghaeilge a scríobh i bhfad níos fearr ná í a labhairt. Everybody who has a cúpla focal should have some emblem, perhaps not a fáinne óir, ach brat éigin a thaispeánann do gach duine eile go bhfuil cúpla focal acu. Tá an fáinne á chaitheamh agam agus nuair a bhfeiceann daoine a bhfuil cúpla focal acu é, labhraíonn siad cúpla focal liom agus freagraím le abairt as Gaeilge. Sin an rud atá á dhéanamh agamsa don Ghaeilge.

I understood Irish was flúirseach in the North agus ag dul i méid and that more people were speaking it. The Deputy Commissioner of the PSNI suggested in an article that cúpla céad duine in the PSNI were ábalta Gaeilge a labhairt. An bhfuil sin ceart? I read an article in a newspaper saying that everybody should make it his or her own language. Ceapaim go bhfuil rud éigin le déanamh againn go léir. An t-aon difríocht idir sinne agus aon tír eile ná ár teanga féin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.