Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 27 November 2012

Joint Oireachtas Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht

Plé le Cathaoirleach Ainmnithe Údarás na Gaeltachta

5:05 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Cuirim céad fáilte roimh Iníon Uí Ghallchóir agus tréaslaím leí. Cé go raibh mé cáinteach go leor ar an bpróiseas cheapacháin a bhain le bord Údarás na Gaeltachta agus an athrú ar an bpróiseas toghchánaíochta, níl locht ar bith uirthi faoi sin agus ba mhaith comhghairdeas ó chroí a ghabháil léi agus ar chuile duine eile atá anois ar bhord nua Údarás na Gaeltachta. Geallaim di go mbeidh chuile thacaíocht aici ón taobh seo den Teach maidir leis an obair atá an t-údarás ag iarraidh a chur i gcrích. Aithníonn muid an tábhacht mhór atá ag baint le obair Údarás na Gaeltachta agus an obair iontach atá déanta ag an údarás i rith na blianta.

Tá roinnt ceisteanna agam agus táim cinnte go mbeidh neart ceisteanna crua le cur as seo go ceann roinnt blianta. Is rud suntasach é gur bean í atá ceaptha mar chathaoirleach agus is fiú sin a nótáil. Is maith sin, ach is ábhar díomá dom go bhfuil an céatadán mná atá ainmnithe íseal go leor. Tá súil agam go n-athróidh sé sin de réir imeacht ama. Ó thaobh shaineolais eile de, tá trí gné atá fíor thábhachtach ó thaobh bhoird an údaráis. Is iad sin go mbeadh taithí ann ó thaobh cúrsaí forbartha pobail, cúrsaí gnó agus cúrsaí pleanáil teanga de. An bhfuil a dóthain saineolais ag an gcathaoirleach in éineacht léi ar an mbord don trí réimse sin?

O thaobh comhdhéanamh tíreolaíochta de, tá go leor daoine i nGaillimh curtha amach mar go mbraitheann siad nach bhfuil an comhdhéanamh tíreolaíochta ar an mbord ionadaíoch go leor. Bhíodh ochtar as Gaillimh ar an mbord nuair a bhí sé mór agus tá beirt anois ann, in ainneoin go bhfuil an Ghaeltacht is mó i nGaillimh agus go bhfuil sí beagnach faoi dhó chomh mór ó thaobh daonra de leis na Gaeltachtaí eile. Tá, mar shampla, ceathrar as Tír Chonaill, nó de bhunadh Thír Chonaill, ar an mbord. Mar sin, tá daoine i nGaillimh ag rá nach é go bhfuil siad ag lorg aon rud breise, ach nach leor an ionadaíocht atá acu.

Fáiltím roimh an ionadaíocht ó na Gaeltachtaí bheaga.

Tá sé sin fíor-thábhachtach ach sílim go bhfuil deacracht ansin don údarás mar gheall go bhfuil ionadaíocht ó Chontae na Mí le n-athrú gach ré bliain leis na Gaeltachtaí beaga eile, mar gheall ar an chaoi a bhfuil an tAcht scríofa. Níl a fhios agam cén chaoi a bhfuil sé i gceist ag an údarás dul i ngleic leis sin nuair a bhéas an tréimhse déanta ag an gcomhalta as Contae na Mí. Bhí sé in ainm is gur duine as Múscraí nó ón Rinn a bheadh ag teacht i gcomharbacht air sin. Céard a tharlódh sa chás sin? An mbeidh Contae na Mí fágtha gan ionadaíocht sa chás sin?

Bhí an tAire agus an tAire Stáit ag cruinniú de cheann de na coistí seachtain ó shin agus thug siad le fios dúinn go bhfuil buiséad reatha ag an údarás de €9.8 milliún in aghaidh na bliana, agus go bhfuil €4.3 mhilliún de sin ag dul amach ar phinsin. Tá tuairimíochtaí ann go forleathan go gcaitear i bhfad an iomarca airgid leis an údarás ach léiríonn sé sin go bhfuil an t-airgead beag go leor i gcomhthéacs an méid oibre atá le déanamh.

Chomh maith leis sin, bhéadh Iníon Ní Ghallchóir eolach ar thuarascáil a rinne Indecon cúpla bliain ó shin ar chruthú fostaíochta san nGaeltacht. Dúradh sa tuarascáil go raibh gá le €12 mhilliún in aghaidh na bliana díreach leis an 7,000 post atá sa Ghaeltacht faoi láthair a choinneáil ag an leibhéal sin. Le sé nó seacht mbliana anuas d'ísligh an buiséad caipitil ó €25 milliún síos go dtí €6 mhilliún agus tá sé ag an leibhéal sin le cúpla bliain. Cén chaoi is féidir an líon postanna sin a choinneáil, fiú ag 7,000, muna bhfuil a dhóthain airgid caipitil againn, agus b'fhéidir contúirt ann go mbeidh ciorraithe breise le teacht san mbuiséad?

Ó thaobh an sprioc atá ag an údarás, tá mé cinnte gur ceann de na clocha is mó ar phaidrín Iníon Ní Ghallchóir ná buanú na Gaeilge mar theanga phobail, mar is tuismitheoir Gaeltachta mé féin atá ag déanamh mó mhíle díchill le mo chlann féin agus an pobal timpeall orm. Céard é an rud is mó gur féidir leis an údarás a dhéanamh maidir le buanú na Gaeilge sna pobail Gaeltachta? Mar tá a fhios againn go bhfuil sí ag meath.

Tá athrú mór, de bharr Acht na Gaeltachta, ar struchtúir bhord Údarás na Gaeltachta. Ní bheidh na coistí réigiúnacha níos mó ann, agus mar sin de. Dá bhrí sin, beidh an modus operandiagus an gcur chuige a bhéas ag Iníon Ní Ghallchóir an-difriúil ón gcathaoirleach deireannach. Cad iad na hathraithe atá beartaithe aici maidir leis an cur chuige ó thaobh na cruinnithe boird, na glórtha réigiúnacha agus mar sin de?

Ceann de na laigí is mó a fheiceann cuid mhaith daoine, ó thaobh an chomhdhéanamh nua ar an mbord, ná go bhfuil go leor daoine ag teacht ón gcúlra polaitiúil céanna, ó pháirtithe an Rialtais go bunúsach, agus nach bhfuil an oiread glórtha easaontach ar an mbord agus a bhí nuair a bhí daoine tofa go díreach ag an bpobal. An bhfuil contúirt ann go mbeidh an bord i ndáiríre mar yes-men agus yes-women ag an Aire Stáit agus nach mbeidh siad ag labhairt amach muna bhfuil siad sásta, má bhíonn ciorraithe buiséid ann nó má tá brú ag teacht orthu ón Rialtas? An mbeidh siad neamhspleách go leor le labhairt amach agus dúshlán an Aire Stáit a thabhairt ar mhaithe le muintir na Gaeltachta más gá sin a dhéanamh?

Sin iad na ceisteanna. Tá mé cinnte go bhfuil neart tuairimí ag Iníon Ní Ghallchóir féin faoi sin. Arís, guím gach uile ádh uirthi, agus sin ó mo chroí amach. Tá mé cinnte go bhfuil an-chumas innti agus go ndéanfaidh sí a míle díchill. Go n-éirí léi san obair.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.