Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 27 November 2012

Joint Oireachtas Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht

Plé le Cathaoirleach Ainmnithe Údarás na Gaeltachta

5:05 pm

Ms Anna Ní Ghallchóir:

Tá súil agam go gcuimhneoidh mé orthu go léir. Maidir leis an gceist dheireannach ar dtús, nílim ag labhairt ar son Raidió na Gaeltachta, ach mar a tharlaíonn sé, táim i mo chathaoirleach ar Raidió na Gaeltachta faoi láthair. Beidh mo thréimhse mar chathaoirleach ag críochnú i mí Eanáir. Níl a fhios agam an bhfuil an coiste ar an eolas faoi seo, ach tá RTE i ndiaidh dréacht-straitéis a chur le chéile don Ghaeilge agus tá sí sin thuas ar shuíomh RTE faoi láthair. Beidh an-tóir ar na meáin Ghaeilge chomh maith leis na meáin Bhéarla ar sin. Tá RTE ag scrúdú an pholasaí Gaeilge atá aige faoi láthair agus is cinnte go mbeidh deis ansin. Is dóigh go bhfeicfidh daoine é sin mar dheacracht sa mhéid go bhfanann saol na Gaeilge taobh istigh do na meáin Ghaeilge barraíocht. B'fhéidir go bhfuil sin ann, ach is cinnte go mb'fhéidir gur chóir go mbeadh níos mó faoin Ghaeilge agus faoin Ghaeltacht ar na stáisiúin eile. Ach sin ceist do RTE, ach tá cúrsaí Gaeilge á scrúdú ansin faoi láthair.

Maidir leis an straitéis 20 bliain, tá sé léite agus athléite agam, mar atá Acht na Gaeltachta. An rud atá i gceist le Acht na Gaeltachta ná go gcuirfidh na pobail Gaeltachta pleananna teanga le chéile agus go mbeidh ról fíor lárnach ag Údarás na Gaeltachta sa phróiseas sin. An rud atá tábhachtach domsa mar bhean Gaeltachta maidir leis na pleananna teanga ná go dtugann siad freagracht do mhuintir na Gaeltachta fhéin as an nGaeilge agus as cinntiú go mairfidh an Ghaeilge. Go dtí seo, an tuairim a bhí ag cuid de mhuintir na Gaeltachta ná go raibh straitéisí agus polasaithe Gaeilge agus araile ag teacht i gcónaí ón taobh amuigh.

Anois, tá deis acu féin a bpleananna féin a chur le chéile, le tacaíocht agus le cuidiú, an oiread agus atá siad ag iarraidh, ón údarás. Ach is uathu féin a thiocfaidh siad. Is iad féin a socróidh caidé mar a bheidh an Ghaeilge sa phobal acu amach anseo, caidé an seasamh a bheidh ag an Ghaeilge agus caidé atá le déanamh leis na spriocanna atá leagtha síos sa straitéis 20 bliain a bhaint amach. Céim mhór chun tosaigh atá ansin mar go dtugann sé úinéireacht dóibh ar an phróiseas. Ní rialacha nó orduithe iad atá ag teacht as Baile Átha Cliath, nó fiú as Gaillimh, ach go mbeidh siad féin i gcroílár an phróisis sin agus na bpleananna sin. Is iad féin a socróidh iad agus tá sin iontach tábhachtach.

Maidir leis an turasóireacht chultúrtha agus leis an méid a dúirt an Seanadóir faoi Comhaltas Ceoltóirí Éireann , go minic i mo chuid oibre féín castar daoine orm as an Rúis, agus as na tíortha sin uilig a bhfuil togha na Gaeilge acu. Sílim nach bhfuil muid ag teacht i dtír go hiomlán ar na féidireachtaí atá ann maidir leis an turasóireacht chultúrtha nó maidir leis an turasóireacht ghlas. Tá sé tábhachtach go mbeadh struchtúr leis an turasóireacht sin ach ag an am céanna, nach maith le daoine go mbeadh barraíocht struchtúir ann ach oiread. Is fearr le daoine rud beag fiáin den taobh Gaelach a choinneáil. Mar a tharlaíonn sé, bhí mé thar lear agus casadh duine orm as an Danmhairg an lá faoi dheireadh. Dúirt sé liom gur ceann de na saoire ab fhearr a chaith sé ina shaol ariamh ná saoire a chaith sé féin agus a bhean ag rothaíocht thart ar chósta Dhún na nGall. Dúirt sé nár chuala sé caint ariamh ar Dhún na nGall go dtí sin. Bhí a hiníon ag freastal ar bhainis anseo i nDún na nGall agus tháinig siad léi.

Tá féidearthachtaí sa turasóireacht agus sin an fáth gur luaigh mé Fáilte Éireann níos luaithe maidir le teacht chuig an Ghaeltacht. Tá a fhios agam go raibh dreamanna ag obair sa Ghaeltacht go dtí seo, ach b'fhéidir nach bhfuil siad chomh gníomhach agus a bhíodh siad leis an Ghaeltacht a dhíol mar cheantar ina bhfuil turasóireacht de chineál eile le fáil inti.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.