Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 27 November 2012

Joint Oireachtas Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht

Plé le Cathaoirleach Ainmnithe Údarás na Gaeltachta

5:15 pm

Ms Anna Ní Ghallchóir:

Sin naoi gceist, tá mé ag déanamh.

Maidir leis an tsaineolas, tá an chosúlacht air, ar pháipéar, go bhfuil na daoine atá molta agus ainmnithe ag an Aire go maith agus go bhfuil an réimse saineolais atá de dhíth orainn againn. Níl aithne phearsanta agam ar na daoine sin. Casadh duine amháin acu orm uair amháin, nó b'fhéidir dhá uair, agus diomaite de sin níl aithne ar bith agam orthu. Ach tá mé sásta go maith go bhfuil an saineolas acu a bhéas de dhíth orainn.

Maidir le comhdhéanamh tíreolaíochta an bhoird, ní raibh baint dá laghad agam leis sin.

Níl a fhios agam go díreach cad atá socraithe faoi cheist na Rinne nó faoi cheist Ráth Chairn go fóill. Tá a fhios agam go bhfuil duine ag teacht ón Rinn ar an mbord cheana féin, mar atá Fiachra Ó Céilleachair. Níl a fhios agam cad é atá ag dul a tharla ansin. Tuigeadh domsa go mb'fhéidir go mbeidh an duine ag fanacht níos mó ná bliain amháin. Níl mé cinnte faoi sin ach sin an tuigbheáil a bhí agam air.

Is cinnte go bhfuil gearradh siar déanta maidir le cúrsaí fostaíochta ach tuigim nach gcuirfear leis an ngearradh siar sin a thuilleadh. Ba chóir go bhfanfaidh rudaí mar atá siad. Luaigh an Seanadóir píosa taighde a rinne Indecon ar fhostaíocht. Tá cailleadh postanna le cúpla bliain anuas ach tá sé moillithe síos cuid mhór. Bheimís ag súil le bheith ábalta na postanna atá againn a choinneáil ag dul mar atá faoi láthair.

Maidir le buanú na Gaeilge, thiocfainn ar ais ag an bhfreagra chéanna a bhí agam ar ball. Ceist do mhuintir na Gaeltachta agus do phobal na Gaeltachta a bhéas anseo. Ní féidir teanga a bhrú ar dhream ar bith nach bhfuil ag iarraidh í a labhairt nó í a choinneáil. Má chuireann na pobail Gaeltachta pleananna teanga le chéile beidh orthu coinneáil leis na pleananna teanga sin. Tá sé leagtha síos in Acht na Gaeltachta muna gcloíann pobail leis na spriocanna atá acu beidh impleachtaí tromchúiseacha aige sin dá stádas mar Ghaeltacht.

Chuir an Seanadóir ceist faoi na hathruithe a dhéanfaidh muid i gcomparáid leis an mbord deireannach. Ní raibh mise ar an mbord deireannach. Ar ndóigh, tá na tuarascáil agus a leithéid léite agam. B'fhéidir go bhfuil an saineolas rud beag difriúil agus, mar sin de, go mbeidh an cur chuige rud beag difriúil. Ar ndóigh, tá Acht na Gaeltachta ann, nach raibh ann ach ag deireadh shaol an bhoird dheireanaigh. Mar sin de, tá spriocanna rud beag difriúla, agus spriocanna cinnte, leagtha síos, áit nach mbíodh roimhe seo, b'fhéidir.

Maidir le yes-man agus yes-women, is oth liom a rá nach duine mar sin mise. Ní duine mé nach bhfuil sásta labhairt amach. Má tá rud ag cur orm beidh a fhios ag daoine fá dtaobh de.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.