Written answers

Thursday, 4 December 2025

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Údaráis Áitiúla

Photo of Louise O'ReillyLouise O'Reilly (Dublin Fingal West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

51. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén cineál rannpháirtíochta atá aige leis na húdaráis áitiúla, leis an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, agus leis an nGníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil (GBRÁ) maidir le stádas Oifigigh Gaeilge na n-údarás áitiúil. [68471/25]

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Bíonn plé éagsúil ag mo Roinnse le stádas na n-Oifigigh Gaeilge sna húdaráis áitiúla agus ábhair níos leithne.

Thar ceann na Roinne, cuireann Foras na Gaeilge tacaíocht mhaoinithe ar fáil go rialta do Chumann na nOifigeach Forbartha Gaeilge (COFG). Is líonra tacaíochta agus urlabhra é seo d’Oifigigh Forbartha Gaeilge san Earnáil Phoiblí & Stáit ar oileán na hÉireann. Mar chuid dá ndualgais, tacaíonn siad lena n-eagraíochtaí seirbhísí a chur ar fail trí Ghaeilge, i gcomhréir le riachtanais Achtanna na dTeangacha Oifigiúla, 2003 agus 2021 agus eile.

Tugadh cuireadh d’ionadaithe ó COFG teacht le cur i láthair a dhéanamh don Choiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge, a bunaíodh faoin Acht céanna, chun ionchur a bheith acu in obair an Choiste sin – go háirithe in ullmhú an chéad Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge, a foilsíodh anuraidh.

Ag eascairt ón gcruinniú seo, mar aon le taighde eile a rinneadh don Phlean, áiríodh Cuspóir 1 (Earcaíocht) faoi Mhór Théama Straitéiseach 4 den Phlean sin, a luann:

Go mbreathnófaí ar dheiseanna ailíniú a dhéanamh idir róil nua a luaitear san Acht agus róil reatha, de réir mar is cuí

Is é an ról nua a bhfuiltear ag déanamh tagartha dó anseo go príomha ná an dualgas atá ar gach comhlacht poiblí anois oifigeach sinsearach, ag leibhéal comhionann le Príomhoifigeach Cúnta nó níos airde, a cheaptha chun críche chur i bhfeidhm an Achta (Alt 4B(a)) – ar a dtugtar anois Oifigeach na dTeangacha Oifigiúla.

Ní nach ionadh gur léirigh an taighde a rinneadh don Phlean Náisiúnta, an tionchar dearfach ar féidir le hOifigeach na dTeangacha Oifigiúla agus/nó Oifigeach Gaeilge tiomanta agus tacaithe imirt ar sholáthar seirbhísí poiblí ar ardchaighdeán trí Ghaeilge mar aon le cur chun cinn na Gaeilge laistigh den eagraíocht go ginearálta. Beifear ag iarraidh tacú tuilleadh leis na róil seo mar sin faoi Chuspóir 3 de Mhór-Théama Straitéiseach 1 den Phlean Náisiúnta chomh maith, a deir:

Go mbreathnófaí ar bhealaí le tarraingt go héifeachtach ar mheicníocht Oifigeach na dTeangacha Oifigiúla (OTO) atá tagtha i bhfeidhm anois faoi Alt 4B (GA/EN) den Acht leasaithe.

B’fhiú a lua go bhfuil ionadaí gníomhach ón Gníomhaireacht Bainistíochta um Rialtas Áitiúil (GBRÁ) ar an gCoiste Comhairleach chomh maith, a bhíonn ag tabhairt airde ar cheisteanna bainteach le stádas na nOifigeach Gaeilge i gcomhthéacs na n-údarás áitiúil go sonrach freisin.

Tá dhá phlean gníomhaíochta le tacú leis an bPlean Náisiúnta, ina leagfar amach na bearta sonracha atá le tabhairt fúthu i dtreo chuspóirí straitéiseacha ardleibhéil an Phlean a bhaint amach.

Tá obair ar siúl ó foilsíodh an Plean Náisiúnta ar an gcéad cheann de na Pleananna Gníomhaíochta seo agus, tar éis comhairliúchán fairsing agus fiúntach le páirtithe trasna an Rialtais, tá sé le cur faoi bhráid an Rialtais anois go luath

I dtaca leis sin go léir, i mí an Mhárta i mbliana, d’fhógair mé maoiniú d’os cionn €4.5m in imeacht ceithre bliana (2025–2028) le haghaidh Gaeilge 365 - 50% den mhaoiniú le teacht ó mo Roinnse agus an 50% eile le teacht ó na ceithre údarás áitiúla i mBaile Átha Cliath. Is é aidhm an tionscadail seo ná dea-chleachtais a chruthú i dtaobh na modhanna is féidir le húdaráis áitiúla a úsáid le tuilleadh deiseanna labhartha Gaeilge a chruthú don phobal. Tá gealltanas áirithe i gClár an Rialtais 2025 - Todhchaí na hÉireann a Dhaingniú chomh maith, an clár nuálaíochta teanga seo a leathnú chuig na húdaráis áitiúla go léir ar fud na tíre.

Mar fhocal scoir, b’fhiú a lua gur bunaíodh Fóram Pleanála Teanga na nÚdarás Áitiúil in 2024, le deis a thabhairt do na Príomh Oifigigh Feidhmiúcháin sna húdaráis áitiúla bualadh le chéile roinnt uaireanta sa bhliain le saincheisteanna a bhaineann le pleananna teanga, cúrsaí tithíochta agus nithe ábharthacha eile a bhaineann leis an nGaeilge ina gceantair a phlé. Is Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge a dhéanann Comh-Chathaoirleacht ar an bhFóram seo agus cuimsítear leis an mballraíocht Príomh-Oifigigh Feidhmiúcháin, agus oifigigh shinsearacha eile ó na n-údarás áitiúil a bhfuil Limistéar Pleanála Teanga, Baile Seirbhíse Gaeltachta nó Líonra Teanga ina gceantar. D’fhreastail mé féin ar an gcéad chruinniú den Fhóram seo i mí an Mheithimh i mbliana (2025).

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.