Written answers
Tuesday, 25 November 2025
Department of Housing, Planning, and Local Government
An Ghaeltacht
John Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
50. To ask the Minister for Housing, Planning, and Local Government faoin dul chun cinn atá déanta ina Roinn chun Ráiteas Pleanála Náisiúnta le haghaidh tithíochta sa Ghaeltacht a fhoilsú; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [65847/25]
John Cummins (Waterford, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Tá gníomh sa Phlean Tithíochta nua chun Ráiteas Pleanála Náisiúnta a fhoilsiú le haghaidh tithíochta i gceantair Ghaeltachta sa chéad leath den bhliain 2027.
Foráladh le hAlt 28 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 go bhféadfadh an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta treoirlínte a eisiúint d’údaráis phleanála maidir le haon cheann dá bhfeidhmeanna faoin Acht agus go raibh sé de dhualgas ar údaráis phleanála aird a thabhairt ar na treoirlínte sin agus iad i mbun a bhfeidhmeanna.
Aisghaireadh an t-alt sin an 2 Deireadh Fómhair 2025 de réir mar a aistríonn an córas pleanála chun feidhmiú faoi fhorálacha reachtacha nua an Achta um Pleanáil agus Forbairt 2024.
Foráiltear le hAlt 25 d’Acht 2024 do chineál nua beartais agus treorach pleanála ar a dtugtar Ráiteas Pleanála Náisiúnta. Cuireadh an fhoráil sin i bhfeidhm an 2 Deireadh Fómhair 2025 agus dá bhrí sin, eiseofar beartas agus treoir phleanála amach anseo ón Aire chuig údaráis phleanála agus is Ráiteas Pleanála Náisiúnta a bheith anseo. Tá sé beartaithe go gcuirfear Ráitis Phleanála Náisiúnta in ionad na dTreoirlínte atá ann cheana faoi alt 28, a leanfaidh de bheith i bhfeidhm go dtí go gcuirfear ina n-áit iad nó go gcúlghairmfear iad, le himeacht ama, mar aon le haon treoir nua a bhfuil sé beartaithe ag an Aire a eisiúint, le faomhadh an Rialtais.
Leagtar amach san Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000, arna leasú, cuspóirí éigeantacha d’údaráis áitiúla, agus ní mór aghaidh a thabhairt orthu sin agus iad ag dréachtú a bPlean Forbartha lena rialaítear beartais forbartha áitiúla. I gcás ina bhfuil limistéar Gaeltachta laistigh de limistéar riaracháin an údaráis phleanála, ní mór forálacha agus cuspóirí a bheith sa phlean forbartha chun “oidhreacht theangeolaíoch agus chultúrtha na Gaeltachta a chosaint, lena n-áirítear cur chun cinn na Gaeilge mar theanga phobail”.
Tugann na Treoirlínte maidir le Pleananna Forbartha d’Údaráis Áitiúla a foilsíodh i mí Iúil 2022 treoir bhreise d’údaráis áitiúla, lena n-áirítear léiriú a thabhairt ar na Limistéir Phleanála Teanga sa Ghaeltacht (LPTanna mar a cheanglaítear faoi Acht na Gaeltachta 2012) chomh maith le beartais bhreise a áireamh amhail a chinntiú go mbíonn tionchar dearfach ag tograí forbartha i limistéir Ghaeltachta ar an oidhreacht teanga agus chultúrtha ar féidir measúnú láidir a dhéanamh orthu ag céim an iarratais phleanála.
Tá Grúpa Idir-Rannach (ar a bhfuil mo Roinnse, an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta) fós ag leanúint lena chuid oibre maidir le saintreoir phleanála a fhorbairt do cheantair Ghaeltachta. ? Tá Grúpa Oibre ar leith ann chomh maith ar a bhfuil an dá Roinn agus Údarás na Gaeltachta agus na húdaráis áitiúla ábhartha a bhaineann le ceantair Ghaeltachta. Bhí cruinnithe den Ghrúpa Idir-rannach agus den Ghrúpa Oibre ar siúl in 2023 agus lean rannpháirtíocht déthaobhach na Roinne ar aghaidh in 2024 agus 2025, agus an cruinniú is déanaí ar siúl i mí Iúil 2025.
Agus aird á tabhairt ar an ngá atá ann na nithe casta atá i gceist a bhreithniú agus a thuilleadh de rannpháirtíocht leis an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus na Gaeltacht, déanfar measúnú ar Dhréachtráiteas Pleanála Náisiúnta críochnaithe chun críocha infheidhmeacht na Measúnachta Straitéisí Timpeallachta (MST) agus an Mheasúnaithe Chuí (MC).
No comments