Written answers

Wednesday, 12 November 2025

Department of Children, Disability and Equality

Cúram agus Oideachas na Luath-Óige

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

110. To ask the Minister for Children, Disability and Equality cén cur chuige atá maidir le naíonraí agus naíscoileanna Gaeilge a bhunú, agus ansin tacaíocht fanacht ar an bhfód. [61328/25]

Photo of Norma FoleyNorma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Cuirtear maoiniú ar fáil ón Roinn seo do sheirbhísí Foghlaim agus Cúram na Luath-Óige agus Cúram Leanaí in Aois Scoile ar fáil ar an mbonn céanna do sheirbhísí trí mhéan na Gaeilge agus trí mheán an Bhéarla, bíodh siad laistigh agus lasmuigh de cheantair Ghaeltachta.

De réir leis an ghealltanais i bPléann Gníomhaíochta cúig bliana don Gaeilge, d’earcaigh an Roinn Comhordaitheoir Tacaíochta Gaeilge i 2022 chun an Phlean Náisiúnta a chur chun cinn agus tugtar maoiniú ó 2023 do Thús Níos Fearr chun Speosialtóra Luathbhlianta Gaeilge a earcú chun tacaíocht agus comhairle a thabhairt do Foghlaim agus Cúram na Luath-Óige trí mheán na Gaeilge.

Tugann an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta tacaíocht sa bhreis do sheirbhisí Foghlaim agus Cúram na Luath- Óige trí mhéan na Gaeilge sa Ghaeltachta tríd a gníomhaireachtaí agus a heagraíochtaí cosúil le Comhar Naíonraí na Gaeltachta.

Chomh maith leis sin, i Meitheamh 2024, d’fhógair réamhtheachtaithe an Roinn a raibh freagrach as an Ghaeilge maoiniú cúig bliana chun seirbhís chuimsitheach tacaíochta agus forbairtí do naíonraí taobh amuigh den Ghaeltacht, le riaradh ag Gaeloideachas. Ina theannta sin, tá an Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais tar éis maoiniú a chur ar fáil do Ghaeloideachas in 2025 chun tacaíocht a thabhairt do seirbhísí Foghlaim agus Cúram na Luath-Óige trí mhéan na Gaeilge.

Anuas ar sin, tá an Roinn faoi láthair ag obair le Ranna agus gníomhaireachtaí eile chun plean náisiúnta a ullmhú lena thuilleadh forbartha a dhéanamh ar sholáthar na Gaeilge sna n-earnáil Foghlaim agus Cúram na Luath-Óige agus Cúram Leanaí in Aois Scoile,

Is gealltanas é forbairt an phlean seo faoi Phléann Gníomhaíochta cúig bliana don Ghaeilge. Meastar go dtacaíodh an pléann náisiúnta le cur chun feidhme dhá ghealltanas Na Chéad 5: Straitéis Uile-Rialtais do Naíonáin, Leanaí Óga agus a dTeaghlaigh: ‘‘Bearta a thabairt isteach leana chinntiú go mbeidh rochtain ag leanaí i gceantair Ghaeltachta i soláthar Foghlaim agus Cúram na Luath-Óige lán- Ghaeilge’’ agus ‘‘Meicníochtaí a fhorbairt chun tacaíocht Gaeilge a chur ar fáil do sholáthar Foghlaim agus Cúram na Luath-Óige in áiteanna a bhfuil céatadán ard leanaí ag foghlaim trí mheán na Gaeilge’’. Meastar freisin go dtacóidh an plean le seachadadh gealltanas sa Chlár Rialtais: ‘‘Tacú le Naíonraí agus le creis chun rochtain ar luathoideachas a chinntiú i bpobail Ghaeltachta agus níos faide’’ agus ‘‘Pleanáil a dhéanamh ar fhorbairt áiseanna faoi cheannas an Stáit i gcomhar le clár tógála na scoileanna, naíonraí lán- Ghaeilge san áireamh’’.

Tá sé beartaithe an Plean a fhoilsiú sna míonna amach romhainn.

Maidir leis an gceist faoi na seirbhísí nua a bhunú, tá An tAonad Pleanála Chun Cinn agus Tógála sa Roinn ag dul chun cinn le clár tábhachtach oibre atá dírithe ar réimsí riachtanais a aithint, réamhaisnéisiú éileamh agus pleanáil le haghaidh soláthar poiblí a sholáthar laistigh de rannóg Foghlaim agus Cúram na Luath-Óige agus Cúram Leanaí in Aois Scoile más gá.

Tá úinéireacht stáit ar na háiseanna ina forbairt an- shuntasach agus cuirtear deis ar fáil do scóip i bhfad níos mó chun tionchar a imirt ar nádúr agus ar mhéid na soláthar atá ar fáil, agus chun ailíniú níos fearr a chinntiú leis na éileamh measta. Tacófar leis an obair seo trí infheistíocht chaipitil faoi Phlean Forbartha Náisiúnta leasaithe ó 2026 ar aghaidh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.