Written answers

Tuesday, 4 November 2025

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta

Photo of John ConnollyJohn Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

2163. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén dul chun cinn atá déanta ina Roinn chun tús a chur leis an athfhobairt ar Choláiste Lurgan in Indreabhán, Contae na Gaillimhe; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [57845/25]

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá forbairt Ionaid Oideachais agus Óige in Indreabhán ar cheann de na tosaíochtaí straitéiseacha atá ag an Roinn faoin bPlean Forbartha Náisiúnta, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta. Is éard atá beartaithe sa togra áis nua-aimseartha, ilfheidhmeach a thógáil in áit an fhoirgnimh ina bhfuil Coláiste Lurgan Teo. ag feidhmiú faoi láthair, foirgneamh atá in úinéireacht Údarás na Gaeltachta.

Déanfar é seo ar bhealach ina mbeidh an foirgneamh nua ábalta freastal níos fearr ar riachtanais an choláiste samhraidh féin chomh maith le bheith ar fáil taobh amuigh den samhradh mar áis oideachais, óige agus pobail, ar mhaithe le leas an phobail go ginearálta.

Tá an fhoireann dearaidh i mbun na gcéimeanna deiridh den phróiseas ullmhúcháin doiciméid thairisceana don tionscadal seo agus táthar ag súil iad seo a bheith foilsithe go luath.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.