Written answers
Tuesday, 4 November 2025
Department of Education and Skills
Scoileanna Lán-Ghaeilge
John Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
834. To ask the Minister for Education and Skills faoin iarrachtaí atá déanta ina Roinn chun cuir leis an méid Gaelscoileanna sá tír; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [59402/25]
Helen McEntee (Meath East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Áiríonn Clár an Rialtais gealltanais chun deiseanna a mhéadú do dhaltaí freastal ar Ghaelscoileanna agus Ghaelcholáistí, chun Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí a bhunú nuair a bhíonn éileamh ann, agus d’fhonn tacú le tuismitheoirí a roghnaíonn oideachas trí mheán na Gaeilge dá bpáistí.
Tá beartas nua d’oideachas trí mheán na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht le seoladh ag mo roinnse. Gníomh lárnach faoin mbeartas seo is ea tascfhórsa a bhunú ar mhúnlaí oideachais lán-Ghaeilge. Cuirfidh an tascfhórsa ardán ar fáil le haghaidh comhoibrithe idir mo roinn agus príomhpháirtithe leasmhara chun cineálacha cur chuige a shainaithint agus a chomhdhearadh chun soláthar oideachais ardchaighdeáin trí mheán na Gaeilge a mhéadú ar bhealach inbhuanaithe.
Tá sé i gceist agam freisin suirbhé a sheoladh ar phobail bhunscoileanna go luath. Tá sé beartaithe go n-iarrfaidh an suirbhé ar thuismitheoirí a rogha maidir le príomhtheanga an oideachais ina scoil – Béarla nó Gaeilge. Cabhróidh torthaí an tsuirbhé linn pleanáil a dhéanamh ar an gcaoi a gcuirfimid oideachas bunscoile ar fáil amach anseo. Cabhróidh an tionscnamh seo, mar aon le hobair eile, le deiseanna a aithint chun soláthar oideachais trí mheán na Gaeilge a mhéadú ag leibhéal na bunscoile agus na hiar-bhunscoile.
Tá mo roinnse ag obair faoi láthair le hIontaobhas Scoileanna Éamainn Rís (ERST) do SBC Shráid Synge chun aistriú go Gaelcholáiste comhoideachais ó Mheán Fómhair 2026. Ní bheidh i gceist leis seo ach glacadh isteach na chéad bhliana. Thug oifigigh ó mo roinn cuairt ar an scoil le déanaí agus rinne siad measúnú ar riachtanais chóiríochta féideartha na scoile, de réir mar a éireoidh léi mar Ghaelcholáiste. Faoi láthair tá cuid d’fhoireann teagaisc na scoile ag cur le scileanna agus tá múinteoirí Gaeilge á n-earcú. Tá Príomhoide Tánaisteach ceaptha agus chuidigh sé seo leis an bpróiseas aistrithe a chur chun cinn. Ar deireadh, reáchtáladh oíche eolais scoile le déanaí chun an lucht freastail a chur ar an eolas faoin nglacadh isteach don chéad bhliain in 2026 agus faoin dul chun cinn ginearálta atá á dhéanamh leis an nGaelcholáiste.
Mar eolas ginearálta, tá 252 bunscoil lán-Ghaeilge agus 50 iar-bhunscoil lán-Ghaeilge i bhfeidhm ar fud na tíre faoi láthair. B’ionann méid infheistíochta caipitil a rinne mo roinn idir 2020 agus Lúnasa 2025 i scoileanna lán-Ghaeilge agus thart ar €466m.
No comments