Written answers

Tuesday, 4 November 2025

Department of Education and Skills

Oideachas trí Ghaeilge

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

83. To ask the Minister for Education and Skills cathain a fhoilseofar an polasaí don oideachas lánGhaeilge lasmuigh den Ghaeltacht agus an dtabharfaidh sí uasdátú maidir leis an staid ag a bhfuil an polasaí sin. [59712/25]

Photo of Helen McEnteeHelen McEntee (Meath East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé i gceist agam an Polasaí don Oideachas Lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht a sheoladh go gairid.

Reáchtáladh próiseas cuimsitheach comhairliúcháin chun bonn eolais a chur faoin bpolasaí. Comhlánaíodh níos mó ná 5,400 ceistneoir; ghlac 216 leanbh agus duine óg agus 92 duine fásta páirt i ngrúpaí fócais; fuarthas 71 aighneacht scríofa; agus tionóladh cruinnithe déthaobhacha le 29 eagraíocht éagsúil.

Choimisiúnaigh mo roinn Sealbhú, ionad taighde in DCU, chun anailís a dhéanamh ar fhreagraí ón gcomhairliúchán agus chun athbhreithniú a dhéanamh ar thaighde náisiúnta agus idirnáisiúnta maidir le teagasc trí mheán mionteangacha.

Tharraing oifigigh mo roinne ar na léargais a fuarthas ón bpróiseas comhairliúcháin agus ón taighde a rinneadh agus iad ag forbairt an pholasaí. Ullmhaíodh creat don pholasaí, a leag amach treo beartaithe an pholasaí, agus tugadh deis do pháirtithe leasmhara é seo a phlé ag ollchruinniú comhairliúcháin i mí Mheán Fómhair 2024.

Chun cur i bhfeidhm rathúil an pholasaí a chinntiú, beidh comhoibriú idir mo roinn agus páirtithe leasmhara in earnáil na Gaeilge agus in earnáil an oideachais ríthábhachtach. Táim ag súil go mór le bheith ag obair leis na páirtithe leasmhara agus an polasaí á chur i bhfeidhm sna blianta atá romhainn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.