Written answers
Thursday, 16 October 2025
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
An Teanga Gaeilge
Aindrias Moynihan (Cork North-West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
137. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén dul chun cinn atá déanta maidir le pleanáil teanga, agus na bailte seirbhíse go háirithe; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [55993/25]
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tar éis phróisis chomhairliúcháin a rinneadh in 2014, aithníodh an 16 baile seo a leanas mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta faoi réir pleananna teanga a bheith comhaontaithe leis na pobail áitiúla i gcomhréir leis na critéir pleanála teanga faoi Acht na Gaeltachta 2012:
- Daingean Uí Chúis
- Leitir Ceanainn
- Cathair na Gaillimhe
- Cathair Chorcaí
- An Clochán Liath
- Trá Lí
- Dún Garbhán
- Baile Dhún na nGall
- Béal an Mhuirthead
- Caisleán an Bharraigh
- Baile an Róba
- An Clochán
- Cathair Saidhbhín
- Maigh Chromtha
- Baile Átha Buí
- An Uaimh
Go dáta, tá pleananna teanga faofa agus á gcur i bhfeidhm i gcúig Líonra Gaeilge (Inis, Baile Locha Riach agus Cluain Dolcáin sa dlínse ó dheas mar aon le dhá Líonra sa dlínse ó thuaidh- Iarthar Bhéal Feirste agus Carn Tóchair) agus i seacht mBaile Seirbhíse Gaeltachta (Leitir Ceanainn, Cathair na Gaillimhe, Caisleán an Bharraigh, Dún Garbhán, Cathair Saidhbhín, Trá Lí agus An Clochán).
Tá dréacht-phlean teanga Bhaile an Róba a mheas ag mo Roinn faoi láthair chomh maith.
Maidir leis na Bailte Seirbhíse Gaeltachta eile a bhfuil tús fós le cur leis an phróiseas pleanála teanga iontu, tá cead, faoi alt 9(2) d’Acht na Gaeltachta 2012, iarrtha ag Foras na Gaeilge ar mhaithe le tús a chur leis an phróiseas oifigiúil chun ceanneagraíocht a cheapadh sna bailte seo a leanas:
• An Uaimh
• Áth Buí
• Baile Dhún na nGall agus,
• Maigh Chromtha
Rachaidh Foras na Gaeilge i mbun an chéad chéim eile leis an gceithre Bhaile Seirbhíse Gaeltachta seo a luaithe is atá an cead sin tugtha ag mo Roinn.
Den trí Bhaile Seirbhíse Gaeltachta a thagann faoi chúram Údarás na Gaeltachta, is é Baile Seirbhíse Ghaeltachta Bhéal an Mhuirthead an t-aon bhaile nach bhfuil plean teanga i bhfeidhm go fóill ann. Tá tús curtha leis an obair le plean teanga a fhorbairt don bhaile seo, áfach.
Is fiú a nótáil chomh maith go bhfuil pleananna teanga ceadaithe agus á bhfeidhmiú i ngach uile ceann den 26 Limistéir Pleanála Teanga Gaeltachta atá aitheanta faoi Acht na Gaeltachta 2012.
No comments