Written answers
Thursday, 9 October 2025
Department of Justice and Equality
An Garda Síochána
Aindrias Moynihan (Cork North-West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
44. To ask the Tánaiste and Minister for Justice and Equality cad iad na hiarrachtaí faoi leith atá ar siúl chun breis Gaeilgoirí mhealladh isteach sna Gardaí; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [54151/25]
Jim O'Callaghan (Dublin Bay South, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tá dearbhaithe dom go ndíríonn an Garda Síochána ar a seirbhísí Gaeilge a neartú trí earcaíocht, trí oiliúint agus tríd an teanga a chur chun cinn d’fhonn seirbhís phóilíneachta a chur ar fáil a thacaíonn le pobail agus baill foirne ar mian leo bheith rannpháirteach trí mheán na Gaeilge.
Is é Coimisinéir na nGardaí atá freagrach as an nGarda Síochána a bhainistiú agus a riar, lena n-áirítear leithdháileadh acmhainní agus sannadh phearsanra an Gharda Síochána. Leagtar amach in alt 33(3) den Acht um Póilíneacht, Slándáil agus Sábháilteacht Pobail, 2024, go gcinnteoidh Coimisinéir na nGardaí, a mhéid is indéanta, go mbeidh comhaltaí de phearsanra an Gharda Síochána a bheidh ar stáisiún i gcuid de Rannán Garda Síochána a mbeidh limistéar Gaeltachta ar áireamh inti sách inniúil sa Ghaeilge chun a chur ar a gcumas í a úsáid go saoráideach agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu.
D’eisigh an Garda Síochána Treoir sa bhliain 2018 chun a chinntiú nach n-aistreodh ach comhaltaí leis na scileanna cuí Gaeilge chuig stáisiúin Ghaeltachta, d’fhonn cur le líon an phearsanra dhátheangaigh sna stáisiúin sin.
Tá údaráis an Gharda Síochána tiomanta, chomh maith, dá chinntiú go gcuirtear seirbhís phóilíneachta ar fáil trí mheán na Gaeilge i Rannáin le stáisiún Gaeltachta a mhéid is féidir sa chomhthéacs foriomlán maidir le seirbhís shábháilte éifeachtach phóilíneachta a chur ar fáil ar fud an náisiúin.
Tá an Garda Síochána tiomanta don Ghaeilge i gcónaí. Foilsíodh Straitéis don Ghaeilge, 2022-2025, i Márta 2022. Tá mar aidhm leis an Straitéis seirbhísí Gaeilge a neartú laistigh den Gharda Síochána agus a chinntiú go gcomhlíontar oibleagáidí reachtúla teanga. Áirítear sprioc fhadtéarmach inti a chinntiú gach stáisiún Gardaí Gaeltachta a bheith go hiomlán dátheangach.
Leanfaidh staidéir sa Ghaeilge de bheith mar chuid den BA Póilíneachta a sholáthraítear do gach Garda faoi oiliúint i gColáiste na nGardaí, an Teampall Mór.
Mar is eol don Teachta, tá sruth tiomnaithe earcaíochta Gaeilge mar chuid de gach feachtas earcaíochta den Gharda Síochána anois.
No comments