Written answers

Wednesday, 24 September 2025

Department of Transport, Tourism and Sport

Seirbhísí trí Ghaeilge

Photo of Conor McGuinnessConor McGuinness (Waterford, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

8. To ask the Minister for Transport, Tourism and Sport maidir le líon na dtiománaithe foghlama i gContae Phort Láirge atá ar liosta chun a dtástálacha a dhéanamh trí mheán na Gaeilge, agus é sin a dhéanamh do gach catagóir cheadúnais; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [50535/25]

Photo of Conor McGuinnessConor McGuinness (Waterford, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

9. To ask the Minister for Transport, Tourism and Sport maidir leis an meántréimhse feithimh i ngach contae do thiománaithe foghlama atá ar liosta feithimh chun a dtástálacha a dhéanamh trí mheán na Gaeilge, do gach catagóir cheadúnais; an mheántréimhse sin a chur ar fáil i bhfoirm thábla; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [50536/25]

Photo of Conor McGuinnessConor McGuinness (Waterford, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

10. To ask the Minister for Transport, Tourism and Sport maidir le líon na scrúdaitheoirí tiomána atá cáilithe i ngach contae chun scrúdú a dhéanamh ar thiománaithe foghlama trí mheán na Gaeilge; an líon sin a chur ar fáil i bhfoirm thábla; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [50537/25]

Photo of Conor McGuinnessConor McGuinness (Waterford, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

11. To ask the Minister for Transport, Tourism and Sport cén gníomh a dhéanfaidh sé chun na hacmhainní riachtanacha a chur ar fáil chun dul i ngleic leis na hamanna feithimh do dhaoine, agus leis na moilleanna a bhíonn ar na daoine sin, ar mian leo a dtástálacha tiomána a dhéanamh trí mheán na Gaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [50538/25]

Photo of Conor McGuinnessConor McGuinness (Waterford, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

12. To ask the Minister for Transport, Tourism and Sport cén gníomh a dhéanfaidh sé chun freastal a dhéanamh ar dhaoine ar mian leo a dtástálacha tiomána a dhéanamh trí mheán na Gaeilge ag Ionad Tástála Dhún Garbhán, ar daoine iad a bhíonn ag fanacht i bhfad níos faide ná daoine ar mian leo a dtástálacha tiomána a dhéanamh i mBéarla agus é curtha san áireamh gur cathair seirbhíse oifigiúil í Dún Garbhán do Ghaeltacht na nDéise; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [50539/25]

Photo of Seán CanneySeán Canney (Galway East, Independent)
Link to this: Individually | In context

I propose to take Questions Nos. 8 to 12, inclusive, together.

Faoin Acht fán Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre, 2006, tá freagracht reachtúil ag an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (RSA) don tSeirbhís Náisiúnta um Cheadúnais Tiomána. Níl baint agam féin ná ag mo chuid oifigigh leis an tseirbhís ag leibhéal oibríochtúil.

De bharr fhreagracht an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre (RSA) sa chás seo, tá ceist an Teachta curtha faoi bhráid an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre le haghaidh freagra díreach. Déan teagmháil le m'oifig le do thoil mura bhfaightear freagra laistigh de dheich lá.

Go dtí go bhfaighfear an freagra seo, b’fhéidir gur mhaith leis an Teachta a fháil amach go bhfuil 5 thástálaí ag an RSA a bhfuil na scileanna riachtanacha acu chun an tástáil tiomána a dhéanamh trí Ghaeilge agus go mbogann na tástálaithe seo idir ionaid chun freastal ar iarratais. Tá duine de na tástálaithe sin a bhfuil na scileanna riachtanacha acu lonnaithe in ionad tástála Phort Láirge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.