Written answers
Monday, 8 September 2025
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Seirbhísí Oileán
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
2750. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cé mhéad airgid, lena n-áirítear airgead reatha nó eile nach airgead caipitiúil é, de bhuiséad na Roinne Gaeltachta a caitheadh ar Rannóg na nOileán nuair a bhí na hoileáin faoi chúram na Roinne sna blianta seo a leanas 2010, 2011, 2012, 2013, 2014, 2015, 2016, 2017, 2018, 2019. [44739/25]
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Mar is eol don Teachta, aistríodh freagracht na n-oileán chuig an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail in 2020.
Is iad na seirbhísí laethúla farantóireachta, lastas trom agus aeir chuig na hoileáin is mó a mhaoinítear as an gcistíocht reatha. Cinntíonn an mhaoiniú seo gur féidir le pobail na n-oileáin theacht ar sheirbhísí iompair rialta, ar féidir brath orthu agus atá ar fáil ar chostas réasúnach ag tráth ar bith den bhliain.
Is fiú nótáil go gcuimsítear sa chaiteachas reatha an maoiniú bhliaintúil a chuirtear ar fáil do Chomhdháil Oileáin na hÉireann agus do na comhlachtaí forbartha pobail ar na hoileáin neamh-Ghaeltachta. Mar is eol don Teachta, déantar na comhlachtaí forbartha pobail ar na hoileáin Ghaeltachta a mhaoiniú trí chistíocht Údarás na Gaeltachta.
Leagtar amach sa tábla thíos caiteachas iomlán Rannóg na nOileán ó 2010 go 2019.
Bliain | Caiteachas reatha € | Caiteachas caipitil € | Caiteachas iomlán € |
---|---|---|---|
2010 | 6,218,216.24 | 10,802,731.00 | 17,020,947.24 |
2011 | 5,938,187.03 | 3,555,748.00 | 9,493,935.03 |
2012 | 6,099,299.90 | 780,355.00 | 6,879,654.90 |
2013 | 5,900,000.00 | 679,000.00 | 6,579,000.00 |
2014 | 5,900,000.00 | 642,500.00 | 6,542,500.00 |
2015 | 6,168,958.00 | 640,875.00 | 6,809,833.00 |
2016 | 6,630,885.00 | 6,643,187.00 | 13,274,072.00 |
2017 | 6,606,601.83 | 1,396,892.00 | 8,003,493.83 |
2018 | 7,157,994.53 | 1,053,452.00 | 8,211,446.53 |
2019 | 7,564,000.00 | 3,002,499.00 | 10,566,499.00 |
Iomlán | 64,184,142.53 | 29,197,239.00 | 93,381,381.53 |
No comments