Written answers
Tuesday, 29 July 2025
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Island Communities
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
3442. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cé mhéad airgid de bhuiséad na Roinne Gaeltachta a caitheadh ar Rannóg na nOileán nuair a bhí na hoileáin faoi chúram na Roinne sna blianta seo a leanas: 2010; 2011; 2012; 2013; 2014; 2015; 2016; 2017; 2018; 2019. [41235/25]
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Mar is eol don Teachta, aistríodh freagracht na n-oileán chuig an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail in 2020.
Reáchtáladh clár maoinithe caipitil bliantúil chun cuidiú leis na húdaráis áitiúla oibreacha caipitil a dhéanamh ar na hoileáin.
Ba chóir a nótáil go raibh an caiteachas caipitil i roinnt blianta i bhfad níos airde ná mar ba ghnách mar go raibh maoiniú suntasach tugtha do thionscadail mhóra tógála (céanna) faoin bPlean Forbartha Náisiúnta.
Leagtar amach sa tábla thíos an caiteachas caipitil ar an hoileáin ó 2010-2019.
Bliain | Caiteachas Caipitil na n-Oileáin |
---|---|
2010 | €10,802,731.00 |
2011 | €3,555,748.00 |
2012 | €780,355.00 |
2013 | €679,000.00 |
2014 | €642,500.00 |
2015 | €640,875.00 |
2016 | €6,643,187.00 |
2017 | €1,396,892.00 |
2018 | €1,053,452.00 |
2019 | €3,002,499.00 |
No comments