Written answers
Tuesday, 29 July 2025
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Irish Language
Shónagh Ní Raghallaigh (Kildare South, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
3439. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén uair a fhoilseoidh sé na caighdeáin teanga nua ionas gur féidir le obair leanacht ar aghaidh chun an sprioc 20% d'earcaigh inniúil sa Ghaeilge a bhaint amach. [40862/25]
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ag croílár iarrachtaí an Rialtais sa bhogadh i dtreo seirbhís phoiblí dhátheangach, tá feidhmiú iomlán agus rathúil Acht na dTeangacha Oifigiúla. Tá an obair seo criticiúil ó thaobh an Ghaeilge a neadú isteach agus a normalú mar chuid lárnach de sholáthar seirbhísí poiblí agus a chumasú do lucht labhartha na teanga í a úsáid ina bplé leis an Stát.
Céim shuntasach chun cinn sa mhéid seo mar sin a bhí i bhfoilsiú an Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge i mí Dheireadh Fómhair 2024 – an chéad phlean dá leithéid i stair an Stáit. Is toradh é an plean taighde-bhunaithe seo ar dhlúthchomhoibriú ag leibhéal sinsearach idir na heagraíochtaí a bhfuil ionadaíocht acu ar an gCoiste Comhairleach reachtúil a bunaíodh faoin Acht.
Tá an plean náisiúnta seo, atá bunaithe ar chúig mhórthéama straitéiseacha, le feidhmiú mar threochlár do chomhlachtaí poiblí maidir le líon agus caighdeán na seirbhísí poiblí Gaeilge a chuirtear ar fáil a mhéadú agus a fheabhsú go córasach chomh maith le haghaidh a thabhairt ar sprioc earcaíochta an Achta, is é sin go mbeidh 20% d’earcaigh chuig comhlachtaí poiblí inniúil i nGaeilge faoi dheireadh 2030. Díríonn an Plean seo ar chúig mhór-théama straitéiseacha, leis an gceathrú ceann ag díriú ar oiliúint, earcaíocht agus inniúlacht teanga i gcomhthéacs na sprice earcaíochta seo.
Táthar le tacú leis an bplean náisiúnta seo trí dhá phlean gníomhaíochta 3 bliana - an chéad cheann ag clúdach na tréimhse 2025-2027. Leagfaidh na pleananna seo amach na bearta sonracha a bheidh le tógáil chun cuspóirí an Choiste Chomhairligh agus an Achta go ginearálta a bhaint amach. Táim ag súil leis an gcéad cheann de na pleananna gníomhaíochta seo a fhoilsiú san fhómhar (2025).
Tá béim á cur agam féin agus ag mo Roinn anois inár dteagmháil le Ranna Rialtais agus comhlachtaí poiblí chomh maith ar chéimeanna praiticiúla ar féidir le comhlachtaí poiblí tosú orthu anois i gcomhthéacs na sprice earcaíochta, mar seo a leanas:
- an phleanáil don fhórsa saothair a úsáid mar chroí-uirlis chun róil ar leith a mbeadh fostaithe dátheangacha de dhíth a aithint. Is iad seirbhísí custaiméara agus leochaileacha, go háirithe sa Ghaeltacht, na tosaíochtaí aitheanta sa mhéid seo mar aon le róil chorparáideacha tacaíochta;
- cúrsaí oiliúna Gaeilge a chur ar fáil don fhoireann reatha agus d’earcaigh nua ar bhonn réamhghníomhach; taifead a choinneáil díobh siúd a thugann faoi na cúrsaí; agus Gréasán Gaeilge na hEarnála Poiblí a chur chun cinn ina measc. Cuirtear béim ar leith sa mhéid seo ar fhostaithe atá ag gráid níos sóisearaí faoi láthair i bhfianaise gurb iad a bheidh ag bogadh suas tríd na heagraíochtaí sna blianta amach romhainn;
- earcú réamhghníomhach a dhéanamh ar dhaoine le Gaeilge agus eolas a bhailiú tríd an bpróiseas earcaíochta maidir le mian iarrthóirí oibriú go dátheangach, a leibhéal reatha Gaeilge, agus a mian cur lena scileanna Gaeilge, más gá; agus
- féachaint ar chonairí gairme éagsúla reatha isteach chuig an gcomhlacht poiblí agus forbairt a dhéanamh orthu le gnéithe Gaeilge a chuimsiú iontu más gá. Feictear go mbeidh tábhacht ar leith ag baint le forbairt printíseachtaí trína bhféadfaí scileanna teanga a fhorbairt sa mhéid seo, ag teacht le gealltanas ina leith seo i bPlean Printíseachta na Seirbhíse Poiblí 2023, mar aon le hintéirneachtaí agus tréimhsí taithí oibre.
- ag tacú leo siúd atá ag iarraidh a gcuid scileanna teanga a fhorbairt trí Ghréasán Gaeilge na hEarnála Poiblí, a bunaíodh anuraidh;
- ag cothú feasachta i measc daoine óga faoi na deiseanna fostaíochta atá ar fáil dóibh le Gaeilge san earnáil phoiblí tríd an tionscnamh ‘Gluaiseacht’ – seó bóthair d’iar-bhunscoileanna, institiúidí tríú leibhéal agus aontaí gairmeacha atá á mhaoiniú ag an Roinn agus á riar ag Conradh na Gaeilge;
- ag forbairt feachtas feasachta náisiúnta dírithe ar dhaoine óga agus na mór deiseanna fostaíochta éagsúla atá ann dóibh leis an nGaeilge sa chóras poiblí.
Go comhthreomhar leis an obair seo ar fad ansin agus mar chuid den éiceachóras níos leithne atáthar ag iarraidh a fhorbairt faoin Acht, beidh cur i bhfeidhm chóras na gcaighdeán teanga atá luaite ag an Teachta ina ceist. Níl aon dabht ach gur uirlis thacaíochta shuntasach agus thábhachtach eile a bheidh sna caighdeáin teanga i gcomhthéacs na sprice earcaíochta a bhaint amach. Tá dréachtú na gcaighdeán teanga seo ag teacht chun críche anois agus tá i gceist tús a chur leis an bpróiseas comhairliúchán orthu le Ranna Rialtais agus comhlachtaí poiblí ábhartha ar bhonn céimnithe san fhómhar (2025).
No comments