Written answers
Tuesday, 29 July 2025
Department of Education and Skills
Cúrsaí Gaeilge
Shónagh Ní Raghallaigh (Kildare South, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
3316. To ask the Minister for Education and Skills cad iad na pleananna atá aige maidir le cúrsaí Gaeilge tríú leibhéal nua a chur ar fáil chun a chinntiú go mbainfear amach an sprioc inniúlachta 20% sa Ghaeilge d'oibrithe sa Státseirbhís roimh 2030. [40823/25]
James Lawless (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá ról tábhachtach ag ár gcóras ardoideachais maidir le tacú le húsáid na Gaeilge agus í a chur chun cinn, rud a bheidh ríthábhachtach chun sprioc an Rialtais maidir le hinniúlacht Ghaeilge 20% sa tseirbhís phoiblí a bhaint amach faoi 2030.
Tá ról tábhachtach ag ár gcóras ardoideachais maidir le tacú le húsáid na Gaeilge agus í a chur chun cinn, rud a bheidh ríthábhachtach chun sprioc an Rialtais maidir le hinniúlacht Ghaeilge 20% sa tseirbhís phoiblí a bhaint amach faoi 2030. Tríd an ÚAO, cuireann mo Roinn maoiniú imfhálaithe ar fáil chuige sin freisin. Ba chóir a thabhairt faoi deara, áfach, go bhfuil na hInstitiúidí Ardoideachais neamhspleách ina gcuid straitéisí Gaeilge, lena n-áirítear soláthar agus leathnú na gcúrsaí ollscoile a chuirtear ar fáil trí Ghaeilge.
Cuireann mo Roinn maoiniú €900,000 ar fáil gach bliain chun tacú le mic léinn agus baill foirne inár n-institiúidí ardoideachais úsáid níos mó a bhaint as an nGaeilge. Leithdháiltear an maoiniú seo tríd an Údarás mar bhlocdheontais, rud a ligeann d'institiúidí a dtionscnaimh Ghaeilge féin a mhaoiniú.
Dáileann an ÚAO maoiniú freisin d'fhorbairt Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe. Cuireann mo Roinn €1.8 milliún leis seo gach bliain, le maoiniú breise ag teacht ó Roinn na Gaeltachta.
Ina theannta sin, déanann an ÚAO urraíocht ar an tionscnamh Gníomhaí Gaeilge agus tá €150,000 de mhaoiniú curtha ar fáil aige le trí bliana anuas chun scileanna Gaeilge a fhorbairt i measc scoláirí i gclubanna agus i sochaithe Gaeilge trí mheantóireacht agus oiliúint, i gcomhpháirtíocht le hAontas na Mac Léinn in Éirinn agus le Conradh na Gaeilge.
Tríd an Údarás um Ard-Oideachas agus trí thionscnaimh mhaoinithe éagsúla, tá mo Roinn tiomanta a chinntiú go bhfuil na hacmhainní agus an neamhspleáchas ag institiúidí ardoideachais chun an Ghaeilge a chomhtháthú ina dtairiscintí agus i saol an champais. Trí thimpeallacht ina n-úsáidtear agus ina bhforbraítear an Ghaeilge go gníomhach a chothú, is féidir linn a ról sa réimse poiblí a neartú agus cur lena hinbhuanaitheacht fhadtéarmach.
No comments