Written answers

Tuesday, 29 July 2025

Department of Housing, Planning, and Local Government

An Ghaeltacht

Photo of Mairéad FarrellMairéad Farrell (Galway West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

1644. To ask the Minister for Housing, Planning, and Local Government an bhfuil dualgais ann ar iarratais phleanála taobh istigh den Ghaeltacht fógra a dhéanamh sna meáin Ghaeilge; an bhféadfadh iarratais phleanála taobh istigh den Ghaeltacht a bheith fógraithe sna meáin chlóite Ghaeilge, mar shampla an nuachtán nua “An Páipéar”; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [43932/25]

Photo of James BrowneJames Browne (Wexford, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá na ceanglais reachtúla ábhartha lena rialaítear úsáid na Gaeilge i soláthar seirbhísí poiblí, lena n-áirítear i gceantair Ghaeltachta, leagtha amach go príomha in Achtanna na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus 2021. Tagann an reachtaíocht sin faoi chúram mo chomhghleacaí, an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, agus is fearr a bheadh seisean in ann comhairle a chur ar an Teachta maidir le tionscnaimh reachtaíochta agus beartais sa réimse seo, an Plean Náisiúnta do Sheirbhísí Poiblí Gaeilge agus forbairt caighdeán teanga do chomhlachtaí poiblí faoi fhorálacha Acht 2021 san áireamh.

Ar mhaithe le cúnamh a thabhairt ceist an Teachta a fhreagairt ar bhonn níos leithne, is gné sheanbhunaithe de chóras pleanála na hÉireann é an ceanglas fógra a fhoilsiú i nuachtán ceadaithe. Tá na forálacha reachtúla reatha maidir le fógraí nuachtáin leagtha amach, inter alia, in Airteagal 18 de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001.

Foráiltear leis seo go gceadóidh gach údarás pleanála liosta de na nuachtáin a mheasann sé a bhfuil cúrsaíocht sách mór acu ina limistéar feidhme, agus go bhféadfar nuachtáin éagsúla a cheadú mar a bhaineann le codanna éagsúla den limistéar feidhme sin. Is faoi gach údarás áitiúil atá sé an fhoráil seo a chur i bhfeidhm ar an leibhéal áitiúil mar aon le nuachtáin aonair a bhreithniú lena gcur leis an liosta ceadaithe.

Le déanaí, síníodh na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt (Nuachtáin Fhorordaithe) 2025 (I.R. Uimh. 264 de 2025) ina ndlí de réir mar atá an córas pleanála ag aistriú chun bheith ag oibriú faoi fhorálacha an Achta um Pleanáil agus Forbairt 2024, atá á thosú ar bhonn céimnithe faoi láthair.

Is faoi na húdaráis phleanála aonair agus faoin gCoimisiún Pleanála, a oibríonn laistigh den chreat reachtúil ábhartha, atá oibriú laethúil an chórais pleanála agus cuirtear cosc ar an Aire aon chumhacht rialaithe a chur i bhfeidhm i leith cásanna aonair.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.