Written answers
Tuesday, 29 July 2025
Department of Education and Skills
Oideachas trí Ghaeilge
Brendan Smith (Cavan-Monaghan, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
1283. To ask the Minister for Education and Skills an bhfuil aon mholtaí ann chun níos mó béime a chur ar mhúineadh na Gaeilge i mbunscoileanna; an bhfuil aon mholtaí ann chun na hábhair go léir a mhúineadh trí Ghaeilge suas go dtí rang a dó chun scileanna Gaeilge níos fearr a fhorbairt; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [44111/25]
Helen McEntee (Meath East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá mo Roinn ag forbairt Plean Gnímh don Ghaeilge chun tacú le foghlaim agus múineadh na Gaeilge i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna a fheidhmíonn trí Bhéarla. Táthar ag súil go bhfoilseofar an Plean Gnímh san fhómhar, agus go mbeidh sé á fhorfheidhmiú laistigh de thréimhse dhá bhliain, 2025 go 2027.
Tacóidh sé le bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna chun sonraíochtaí curaclaim reatha a chur i bhfeidhm, ar mhaithe le heispéiris níos fearr i leith fhoghlaim na Gaeilge a chur ar fáil,agus d’fhonn úsáid na Gaeilge a mhéadú i measc leanaí agus daoine óga.
Tá an Plean Gnímh atá á fhorbairt bunaithe ar thorthaí comhairliúcháin chuimsitheach ag leibhéal scoile agus náisiúnta, mar aon le taighde agus cuir chuige inmholta do chur chun cinn theangacha neamhfhorleathana i ndlínseachtaí eile.
Áireofar sa Phlean gníomhartha a dhíríonn ar mhúineadh ábhar nó cuid d’ábhair trí Ghaeilge a láidriú i scoileanna meán-Bhéarla. Dá réir, beidh an plean ag tógáil ar thionscadail rathúla atá ar bun cheana; ina measc, tionscadal FCÁT (Foghlaim Chomhtháite Ábhair agus Teanga) na Roinne Oideachais agus Óige. Tá an tionscadal ag cur le hacmhainn mhúinteoirí i scoileanna meán-Bhéarla gnéithe d’ábhair nó ábhair a mhúineadh trí Ghaeilge.
Lena chois sin, tá pacáiste acmhainní deartha ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) a chabhraíonn le múinteoirí teagasc na Gaeilge a chomhtháthú leis an Snáithe Lúthchleasaíochta sa rang Corpoideachais. Tá sé mar aidhm ag an tionscadal seo go bhfoghlaimeoidh daltaí an Ghaeilge ar bhealach taitneamhach, sultmhar agus nádúrtha. Tá acmhainní ar fáil do ranganna na naíonán faoi láthair, agus beidh acmhainní breise á bhforbairt do ranganna 1-6 de réir mar a dhéanann na daltaí a mbealach tríd an scoil.
Téann go leor fachtóirí i bhfeidhm ar an rath a bhíonn ar mhúineadh ábhar trí Ghaeilge lena n-áirítear meon, inniúlacht agus tiomantas mhúinteoirí, ceannaireacht scoile, tacaíocht tuismitheoirí agus cultúr agus éiteas na scoile. Ag an bpointe seo, níl pleananna ar leith ann go múinfear na hábhair ar fad trí Ghaeilge suas go rang a dó i scoileanna méan-Bhéarla. Aithnítear, áfach, go bhfuil rath ar an gcur chuige FCÁT agus féachfar ar conas an cur chuige a leathnú i scoileanna meán-Bhéarla i bhfianaise na taithí agus na foghlama a eascrann as na tionscadail reatha.
No comments