Written answers
Tuesday, 29 July 2025
Department of Education and Skills
Oideachas trí Ghaeilge
Brendan Smith (Cavan-Monaghan, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
1267. To ask the Minister for Education and Skills cad iad na moltaí, má tá aon mholtaí ann, chun Gaelscoil nó Gaelscoileanna eile a bhunú i gContae an Chabháin; an moladh, má tá aon cheann ann, chun Gaelcholáiste a bhunú i gContae an Chabháin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [43921/25]
Helen McEntee (Meath East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Chun pleanáil do sholáthar scoile agus anailís a dhéanamh ar na sonraí déimeagrafacha ábhartha, roinneann an roinn an tír ina 314 limistéar pleanála scoile agus baineann sí úsáid as córas faisnéise geografaí atá comhdhéanta de shonraí ó fhoinsí éagsúla, lena n-áirítear sonraí daonáirimh ón bPríomh-Oifig Staidrimh, sonraí sochar linbh agus sonraí rollú scoile, chun a shainaithint cén áit a dtiocfaidh an brú ar áiteanna scoile ar fud na tíre chun cinn agus cén áit a mbeidh cóiríocht bhreise scoile ag teastáil ag leibhéal na bunscoile agus na hiar-bhunscoile.
D’fhéadfadh mórfhorbairtí cónaithe nua an t-éileamh ar áiteanna scoile a athrú ag an leibhéal áitiúil. Chuige sin, agus mar chuid den anailís dhéimeagrafach ar éileamh, déanann an Roinn faireachán ar an ngníomhaíocht pleanála agus tógála san earnáil tithe cónaithe. Is é atá i gceist leis sin anailís a dhéanamh ar fhoinsí sonraí ó údaráis áitiúla agus ón bPríomh-Oifig Staidrimh, mar aon le caidreamh a dhéanamh le húdaráis áitiúla agus leis an earnáil foirgníochta. Ar an mbealach sin, déantar faisnéis atá cothrom le dáta faoi fhorbairtí cónaithe nua suntasacha a fháil agus a chur san áireamh sa chleachtadh anailíse déimeagrafaí. Is gá déanamh amhlaidh chun a chinntiú go mbíonn an phleanáil bonneagair scoile ag coinneáil suas le hathruithe déimeagrafacha ag an leibhéal áitiúil, áit a mbíonn an staid ag athrú i gcónaí de bharr forbairtí beartaithe nua cónaithe.
I gcás go dtugtar le fios i sonraí déimeagrafacha go bhfuil soláthar breise ag teastáil, tá seachadadh an tsoláthair bhreise sin ag brath ar imthosca gach cáis ar leith. Is féidir go soláthrófar é trí na nithe seo a leanas:
• Úsáid a bhaint as acmhainn neamhúsáidte reatha laistigh de scoil nó de scoileanna,
• Acmhainn scoile nó scoileanna a mhéadú,
• Scoil nua nó scoileanna nua a sholáthar.
Má tá cóiríocht bhreise ag teastáil, féachfaimid leis an gcóiríocht sin a sholáthar, a mhéid is féidir, trí scoileanna atá ann cheana a leathnú, seachas trí scoileanna nua a bhunú. Tá leathnú scoileanna atá ann cheana ag teacht leis na mórchuspóirí atá ag an Rialtas faoi Thionscadal Éireann 2040, a mhéid a bhaineann le béim mhéadaithe a chur ar dhlúthfhás. Maidir le hiar-bhunscoileanna, ní mór d’iar-bhunscoileanna nua acmhainn a bheith acu chun idir 600 dalta agus 1,000 dalta a rollú, agus ní mór dóibh a bheith ina scoileanna comhoideachais. Is féidir, áfach, go mbeidh feidhm ag tairseach níos ísle, mar atá 400 dalta, maidir le Gaelcholáistí, ag féachaint don rogha atá ann aonad lán-Ghaeilge a bhunú laistigh de scoil lán-Bhéarla.
Ní bhunaítear scoileanna nua ach amháin i limistéir ina bhfuil fás déimeagrafach i réim toisc nach mór tús áite a thabhairt do na hacmhainní atá ar fáil le haghaidh bonneagar scoile chun freastal ar riachtanais na limistéar ina bhfuil fás suntasach faoin daonra i réim chun a chinntiú go mbíonn áit scoile ag gach leanbh.
Tá seacht limistéar pleanála scoile ann i gCo. an Chabháin. Ag leibhéal na bunscoile, bhain sé limistéar pleanála scoile buaic rollaithe amach cheana féin, agus bainfidh an ceann eile buaic amach i mbliana. Ag leibhéal na hiar-bhunscoile, bhain ceithre limistéar pleanála scoile buaic rollaithe amach cheana féin, agus bainfidh na trí cinn eile buaic amach roimh an mbliain 2029.
Tugtar le fios i réamh-mheastacháin dhéimeagrafacha nach bhfuil aon eintiteas nua scoile ag teastáil ar an gCabhán chun freastal ar an éileamh ar áiteanna scoile.
Tá obair ar siúl sa roinn ar pholasaí nua a fhorbairt don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Beidh an polasaí sin mar chuid de chreat foriomlán na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus cuirfidh sé le héachtaí an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta. Áirítear leis na cuspóirí don pholasaí nua iniúchadh a dhéanamh ar an dóigh ar féidir tuilleadh deiseanna a chruthú le haghaidh Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí a bhunú mar chuid den phróiseas pátrúnachta Mar chuid den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030, ghabh an roinn uirthi féin deiseanna a chruthú le haghaidh oideachas lán-Ghaeilge a leathnú lasmuigh den Ghaeltacht. Mar shampla, cé nach mór don chuid is mó d’iar-bhunscoileanna nua acmhainn a bheith acu chun idir 600 dalta agus 1,000 dalta a rollú, tá feidhm ag tairseach níos ísle, mar atá 400 dalta, maidir le Gaelcholáistí, ag féachaint don rogha atá ann aonad lán-Ghaeilge a bhunú laistigh de scoil lán-Bhéarla.
Lasmuigh den phróiseas pátrúnachta le haghaidh scoileanna nua, féadfaidh aon phátrún iar-bhunscoile dul i dteagmháil leis an roinn chun iniúchadh a dhéanamh ar aonad lán-Ghaeilge a bhunú in iar-bhunscoil atá ann cheana. Ina theannta sin, féadfaidh scoileanna dul i dteagmháil leis an roinn chun iniúchadh a dhéanamh ar aistriú ó scoileanna lán-Bhéarla ina nGaelscoileanna.
Leanfaidh an roinn le hidirchaidreamh a dhéanamh le Comhairle Contae an Chabháin maidir leis an bplean forbartha contae agus aon phleananna gaolmhara limistéir áitiúil uaithi d’fhonn sainaithint a dhéanamh ar aon riachtanais cóiríochta scoile a d’fhéadfadh a bheith ann ar fud limistéir pleanála scoile san fhadtéarma.
No comments