Written answers

Thursday, 17 July 2025

Department of Education and Skills

Oideachas trí Ghaeilge

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

125. To ask the Minister for Education and Skills na céimeanna atá glactha aici chun déileáil leis an easpa téascleabhar as Gaeilge atá ar fáil do dhaltaí Ghaelcholáistí an Stáit ionas gur féidir leo, ar comhchéim le daltaí i gcoláistí Béarla, staidéar i nGaeilge a dhéanamh ar na hábhair don Teastas Sóisearach nó don Ardteistiméireacht [38422/25]

Photo of Helen McEnteeHelen McEntee (Meath East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Ba cheart don Teachta  thabhairt faoi deara nach bhfuil i dtéacsleabhair ach ceann amháin den réimse leathan acmhainn agus táirgí oideachais, idir ábhar clóite, digiteach nó ar líne, a úsáidtear i scoileanna. Is é an t-aon riachtanas atá ag mo Roinn, maidir le hacmhainn ar bith a úsáidtear i scoil, ná go mbaineann sí leis an gcuraclam. I ndeireadh na dála, tá an cinneadh maidir leis na hacmhainní, más ann, a chlúdaíonn an curaclam, le déanamh laistigh den scoil féin seachas i mo Roinn.

Beidh a fhios ag an Teachta chomh maith go bhfuil sé faoi shainchúram An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG), gníomhaireacht de chuid mo Roinne, acmhainní teagaisc Gaeilge a chur ar fáil do scoileanna, lena n-áirítear téacsanna chun tacú le teagasc ábhar ar fud an churaclaim i scoileanna lán-Ghaeilge. Tá dul chun cinn suntasach déanta ag COGG maidir le hacmhainní a chur ar fáil a fhreastalaíonn ar riachtanais múinteoirí agus scoláirí i scoileanna.

Mar aon leis sin, tá comhoibriú láidir agus leanúnach idir Mo Roinn, COGG, the Council for the Curriculum, Examinations and Assessment (CCEA) i dTuaisceart Éireann, Foras na Gaeilge agus eagraíochtaí eile maidir leis an oideachas Gaeltachta agus lán-ghaeilge agus ag eascairt ón gcomhoibriú seo tá réimse leathain d’achmhainní, ar fáil.

Beagán le cois €3m atá i gceist le maoiniú COGG in 2025 agus tá breis acmhainní breise foirne ceadaithe ag an Roinn do COGG chun tuilleadh tacaíochta agus feabhsaithe a thabhairt dá ról go háirithe le tacú le cur i bhfeidhm an Pholasaí don Oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht (POLG) agus plean gnímh dhá bhliain nua atá á fhorbairt le tacú le teagasc agus eispéiris foghlama na Gaeilge sna scoileanna meán-Bhéarla a fheabhsú. Cuirtear €1m de bhuiséad bliantúil COGG i dtreo acmhainní teagaisc agus foghlama a chur ar fáil, agus áirítear leis sin téacsleabhair nua i nGaeilge.

Ó 2018 i leith, tá 35 téacsleabhar ina iomlán forbartha ag COGG, acu seo tá 26 téacsleabhar don tSraith Shóisearach agus naoi cinn  don tSraith Shinsearach . (Faoi lathar tá 8 téacsleabhar i mbun forbartha don scoilbhliain seo romhainn. Forbraíodh téacsleabhair do geall leis gach ábhar don tSraith Shóisearach go dtí seo, agus tabharfar aghaidh ar na bearnaí atá fágtha le himeacht ama.

Tá COGG i mbun téacsleabhair a fhorbairt don Bhitheolaíocht, Cheimic agus Fhisic ábhair don tSraith Shinsearach le foilsiú in am do Scoilbhliain 2026/2027. Tá COGG ag pleanáil i dtreo téacsleabhair agus acmhainní oiriúnacha a fhorbairt don tSraith Shinsearach ábhair nua agus athbhreithnithe freisin.   Agus téacsleabhair Ghaeilge á bhforbairt acu, tugann COGG tús áite d'ábhair a bhfuil glacadh mór acu leo chun luach ar airgead a fháil.

Ón mbliain 2020 i leith, tá COGG a forbairt ‘An Tairseach’,  tairseach atá dírithe ar rochtain a chur ar fáil ar acmhainní a thacaíonn leis an bhfoghlaim agus leis an teagasc i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge. Tá acmhainní teagaisc agus foghlama á gcur ar fáil ag múinteoirí don tairseach seo, atá dearbhaithe ar ardchaighdeán sula bhfoilsítear iad. Tá nótaí agus acmhainní ar fáil do thromlach na n-ábhar ar an tSraith Shóisearach agus Sinsearach ar fáil ar líne ar ‘An Tairseach’ agus leanfaidh COGG ag saothrú le múinteoirí chun nótaí cuimsitheacha agus nótaí tacaíochta a sholáthar sna hábhair uile.  Tá os cionn 2,000 acmhainn ar an Tairseach faoi láthair, idir acmhainní bunscoile agus iar-bhunscoile.

Tá obair ar siúl faoi láthair i mo roinn chun polasaí nua a fhorbairt don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Mar chuid den phróiseas comhairliúcháin, aithníodh go raibh gá le cur le hinfhaighteacht acmhainní foghlama, teagaisc agus measúnaithe lán-Ghaeilge, lena n-áirítear téacsleabhair. Tá an t-eolas a fuarthas ón gcomhairliúchán á mheas i bhfianaise na hinfhaighteachta acmhainní lán-Ghaeilge atá ann cheana féin agus i gcomhthéacs buiséadach agus reachtach na roinne.

Ag teacht le thiomantas Mo Roinn don Ghaeilge agus do na gníomhartha a bhaineann leis an oideachas teanga faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 a chur chun cinn, agus le haidhm an rialtais, úsáid agus eolas na Gaeilge mar theanga phobail a mhéadú ar bhonn incriminteach, leanfaidh oifigigh agus gníomhaireachtaí na Roinne Oideachais agus Óige ag athbhreithniú agus ag athchóiriú achmhainní fhoghlaim agus theagasc d’oideachas trí mheán na Gaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.