Written answers
Thursday, 17 July 2025
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
An Teanga Gaeilge
Mairéad Farrell (Galway West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
602. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht maidir le ceist 190 den 7 Samhain 2024, an mbeidh na pleananna teanga nua ullmhaithe roimh dheireadh na tréimhse seacht mbliana ionas nach mbeidh briseadh ann idir an dá phlean; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [40231/25]
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Mar a lua mé i mo bhfreagra ar Cheist Dála 45531/24, is léir go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta ag an bpróiseas pleanála teanga ónar cuireadh tús leis roinnt blianta ó shin agus gach ceann den 26 limistéar pleanála teanga chomh maith le 3 Líonra Gaeilge agus 9 mBaile Seirbhíse Gaeltachta ceadaithe anois agus i mbun oibre. Mar thoradh air seo, tá Oifigigh Pleanála Teanga ag obair go díograiseach mórthimpeall na Gaeltachta, sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus sna Líonraí.
Tá a fhios agam go bhfuil imní léirithe ag na hOifigigh Pleanála Teanga maidir leis an gcéad timthriail eile le tamall anuas agus ba mhaith liom a dhearbhú go bhfuil mé féin agus mo Roinn ag éisteacht agus go n-aithníonn muid an obair luachmhar atá ar bun faoin bpróiseas.
Ag féachaint chun cinn ar an dara timthriall de phleananna teanga a cheadú faoin bpróiseas pleanála teanga, tá beartaithe go n-ullmhófar pleananna teanga nua nuair a shroicheann siad deireadh a dtréimhse 7 mbliana. Mar chabhair don ullmhúchán seo, déanfaidh Údarás na Gaeltachta, le tacaíocht ó sholáthraí seirbhíse, an múnla d’ullmhú pleananna teanga nua a fhorbairt i gcomhar le páirtithe leasamhara an phróisis i gcoitinne.
Tá tús curtha leis an obair seo agus tuigtear dom go raibh cruinnuithe ag na soláthróirí seirbhíse leis na hOifigigh Pleánala Teanga agus páirtithe leasmhara cuí le déanaí.
Is féidir liom a dheimhniú nach mbeidh aon bhriseadh sa mhaoiniú a chuireann mo Roinn ar fáil don phróiseas pleanála teanga sa thréimhse idir dheireadh thimthriail amháin agus tús thimthriail eile, más ann dó.
No comments