Written answers
Wednesday, 16 July 2025
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
An Teanga Gaeilge
John Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
320. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén dul chun cinn atá déanta chun an "Plean Digiteach don Ghaeilge", a d'fhoilsigh an Rialtas i mí na Nollag 2022, a chur i bhfeidhm; cé na hacmhainní chuige sin a cuireadh ar fáil gach bliain ó 2022 ar aghaidh; an bhfuil sé i gceist na hacmhainní sin a mhéadú go mór sna blianta beaga amach romhainn, agus an tábhacht a bhaineann leis an ábhar sin á chur san áireamh; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [39823/25]
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tá tábhacht nach beag ag baint le hinfheistíocht sa réimse digiteach, d’fhorbairt na Gaeilge agus do phobal a labhartha.
Tá maoiniú suntasach ceadaithe ag mo Roinn do thionscadail éagsúla, i réimsí éagsúla den earnáil dhigiteach; tá na mór-réimsí sonraithe sa tábla thíos:
Maoiniú | Aidhm | |
---|---|---|
eStór, Ionad ADAPT, Coláiste na hOllscoile, BÁC (2022-2025) | €1,003,121 | Forbairt áiseanna aistriúcháin a chuirfidh ar chumas aistritheoirí téacsanna a aistriú trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí na hIntleachta Saorga |
Gaois, Fiontar, Coláiste na hOllscoile BÁC (2022-2025) | €3,703,273 | Acmhainní nuálaíocha a fhorbairt chun teanga agus saíocht na Gaeilge a chothú. |
Abair, Coláiste na Trionóide (2021-2025) | €2,017,470 | Córas teicneolaíochta aitheanta cainte á fhorbairt mar aon le teicneolaíocht sintéise cainte a chuirfidh ar chumas phobal na Gaeilge aon téacs digiteach a léamh amach ina rogha canúna. |
Kinia (2022-2025) | €3,243,056 | Is carthanacht agus fiontar sóisialta é Kinia a chuireann oiliúint agus áiseanna ar fáil d’oideachasóirí chun go mbeadh siad in ann oideachas maidir le cúrsaí teicneolaíochta cruthaithí a chur ar fáil do dhaoine óga. |
Acadamh Ríoga na hÉireann (2022-2029) | €1,821,143 | Tionscadal taighde, ar fhoclóir Stairiúil na Gaeilge agus an foclóir le bunú ar chorpas digiteach den Nua-Ghaeilge stairiúil. |
ALT-EDIC (2024-2027) | €205,000 | Tá an Roinn, thar ceann an Stáit, mar bhall den gCuibhreannas don Bhonneagar Digiteach Eorpach nua dar teideal ‘Alliance for Language Technologies – European Digital Innovation Consortium (ALT-EDIC)’ a bunaíodh i gcomhar le Ballstáit eile de chuid an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach. Faoi ALT-EDIC tiocfaidh ionaid teicneolaíochta uile-Eorpach chun tosaigh le bonneagar coiteann a fhorbairt i réimse na próiseála teanga nádúrtha agus na mórshamhlacha teanga (LLMs – Large Language Models) chun aghaidh a thabhairt ar an nganntanas sonraí traenála i dteangacha na hEorpa. |
Ollscoil na Gaillimhe (2023-2025) – IMIRCE | €150,569 | Forbairt bunachar sonraí de cháipéisí stairiúla, IMIRCE, atá curtha ar fáil ar líne do thaighdeoirí. |
Ollscoil na Gaillimhe (2025) – An Gaodhal | €46,667 | Tá maoiniú ceadaithe d’fhorbairt áis inchuardaithe do nuachtáin stairiúla na Gaeilge agus an áis sin a sholáthar saor in aisce ar líne don phobal i gcoitinne; agus samhlacha poiblí OCR (Aithint Optúil Carachtar/Optical Character Recognition) a sholáthar ionas gur féidir áis inchuardaithe a cheapadh d'ábhar atá clóite sa Chló Gaelach. |
Tá Údarás na Gaeltachta i mbun oibre sa réimse seo freisin, ag breathnú go háirithe ar thionscnamh nuálach chun cumais Ghaeilge a chomhtháthú i dteicneolaíochtaí Intleachta Saorga.
Tá agus beidh oifigigh mo Roinne ag obair leis na páirtithe leasmhara sa réimse seo, an Coiste Comhairleach um an nGaeilge sa Réimse Digiteach atá bunaithe agam san áireamh, maidir le forbairtí agus acmhainní riachtanacha chun spriocanna a gcuid dtionscadal digiteach a bhaint amach sa tréimhse romhainn.
Agus próiseas na Meastachán ar siúl sna míonna romhainn i dtreo Chainaisnéis 2026, beidh mé féin agus oifigigh mo Roinne ag obair go dlúth leis an Aire Caiteachais Phoiblí Bonneagair, Athchóiriúcháin, Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin, agus é mar sprioc againn acmhainní agus maoiniú leordhóthanach a aimsiú do na tionscadail sin a bhfuil tábhacht straitéiseach leo sa réimse seo agus atá i gcomhréir le spriocanna an Phlean Dhigitigh don Ghaeilge.
No comments