Written answers

Thursday, 10 July 2025

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Foras na Gaeilge

Photo of Naoise Ó CearúilNaoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

111. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cad atá beartaithe aige mar fhreagra ar an imní atá léirithe ag na ceanneagraíochtaí Gaeilge maidir lena gcuid maoinithe ó Fhoras na Gaeilge; an ndéanfaidh sé idirghabháil chun leanúnachas an mhaoinithe a chinntiú do na sé eagraíocht aitheanta Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [38248/25]

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Cuireann mo Roinn 75% de bhuiséad ceadaithe Fhoras na Gaeilge ar fáil go bliantúil, leis an 25% eile ag teacht ó Roinn Pobal Thuaisceart Éireann, faoi réir an cóimheas maoinithe a aontaíodh nuair a bunaíodh an Foras Teanga.

Cé go bhfuil airgead breise ar fáil i mbuiséad mo Roinne le blianta beaga anuas, 2025 san áireamh, is gá cómhaoiniú de réir an cóimheas maoinithe a bheith ar fáil ón Roinn Pobal, Tuaisceart Éireann, sular féidir aon ardú a chur ar bhuiséad an Fhorais.

D'éirigh le mo Roinn allúntas breise aon uaire de €630,000 a infheistiú i bhForas na Gaeilge níos túisce i mbliana ar mhaithe le deacrachtaí gearrthéarmacha airgeadais na heagraíochta a shárú. Tá oifigigh sna Roinn urraíochta, thuaidh agus theas, ag obair go dlúth anois le Foras na Gaeilge, chun dul i ngleic leis na dúshláin reatha don fhadthéarma.

I bhfianaise na ndeacrachtaí atá sonraithe thuas, tá socraithe déanta ag mo Roinn infheistíocht suntasach a dhéanamh i dtionscnaimh ar leith de chuid an Fhorais agus a chuid ceanneagraíochtaí le blianta beaga anuas ar mhaithe le cuidiú leis an earnáil dul i ngleic leis na dúshláin airgeadais seo. San áireamh anseo, tá mar shampla:

- Clár na Leabhar Gaeilge agus forbairt foclóirí nua de chuid an Fhorais;

- Scéim Gaelbhratach de chuid Gael Linn;

- Scéim Teanga Tí, Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonnchadha agus Gradam Gnó na Gaeilge de chuid Ghlór na nGael;

- Scéim Spreagadh na Gaeilge, Seó Bóthair agus an Clár Céad Míle Fáilte de chuid Chonradh na Gaeilge;

- maoiniú don eagraíocht Ghaeloideachas chun earnáil an luathoideachais a fhorbairt; agus,

- maoiniú suntasach d’Oireachtas na Gaeilge chun na healaíona teangabhunaithe agus Gréasán Gaeilge na Seirbhíse Phoiblí a fhorbairt.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.