Written answers

Tuesday, 1 July 2025

Department of Housing, Planning, and Local Government

An Ghaeltacht

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

112. To ask the Minister for Housing, Planning, and Local Government cathain a bheidh na treoirlínte títhíochta Gaeltachta, a bhí geallta in 2021, foilsithe; cen fáth go bhfuil moill orthu; agus an nglacann sé go bhfuil gá leo chun cuidiú le maolú a dhéanamh ar an ngéarchéim thithíochta i gceantair Ghaeltachta. [35133/25]

Photo of James BrowneJames Browne (Wexford, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Leagtar amach san Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, arna leasú, cuspóirí éigeantacha d’údaráis áitiúla, nach mór aghaidh a thabhairt orthu nuair atá a bPlean Forbartha á dhréachtú, a rialaíonn beartais forbartha áitiúla. Nuair atá ceantar Gaeltachta laistigh de limistéar riaracháin an údaráis pleanála, ní mór forálacha agus cuspóirí a chur san áireamh sa phlean forbartha a dhéanfaidh “oidhreacht teanga agus chultúir na Gaeltachta a chosaint, lena n-áirítear an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga an phobail”.

Tugtar treoir bhreise d’údaráis áitiúla sna Treoirlínte maidir le Pleananna Forbartha d’Údaráis Áitiúla a foilsíodh i mí Iúil 2022, lena n-áirítear léargas a thabhairt ar na Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta (Limistéar Pleanála Teanga - LPTanna mar a cheanglaítear faoi Acht na Gaeltachta, 2012) chomh maith le beartais bhreise a chur san áireamh ar nós a chinntiú go mbeidh tionchar dearfach ag tograí forbartha i gceantair Ghaeltachta ar an oidhreacht teanga agus chultúir a mbeifear ábalta a mheas go tréan ag céim an iarratais pleanála.

Tá Grúpa Idir-Rannach (ar a bhfuil an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta (RTRÁO), an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta (RFTPG) agus Údarás na Gaeltachta) fós ag leanúint lena chuid oibre chun treoir shonrach pleanála a fhorbairt do cheantair Ghaeltachta. Tá Grúpa Oibre ar leith ann freisin ar a bhfuil an dá Roinn agus Údarás na Gaeltachta agus na húdaráis áitiúla a bhaineann le ceantair Ghaeltachta. Tionóladh cruinnithe an Ghrúpa Idir-Rannach agus an Ghrúpa Oibre in 2023 agus lean rannpháirtíocht dhéthaobhach na Roinne ar aghaidh in 2024 agus tá sin fós ar siúl.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.